Thursday, June 3, 2010

Creatlach an Scéil?

Arís is arís eile, tá creatlacha á gcroitheadh, agus tá scéalta á nochtadh.

An bhfuil mórán eile le cloisteáil againn, nó le léamh againn, faoin gcaoi inar caitheadh, agus faoin gcaoi ina gcaitear fós, shílfeá, airgead na tíre seo?

Ár n-airgead, a léitheoirí. Go sábháiltear sinn...
.

4 comments:

  1. Ní hé sin bhur gcuid airgid, a chara. Ba le bhur ngarpháistí é, agus níos faide ar aghaidh, ach go bhfuil sé réamhchaite.

    ReplyDelete
  2. Feictear dom, gur ró-mhór an cathú é do go leor daoine gan meon na féinseirbhíse seo a nochtadh nuair a fhaigheann siad an deis chuige.

    Ar a laghad, a bhuí do Acht um Shaoráil Faisnéise bíonn ar chumas an phobail le blianta beaga anuas cineál maoirseachta a dhéanamh ar chaiteachas polaiteoirí.

    Tá polaiteoirí ann cinnte nár ghá, agus nár chóir ach oiread, a bheith ag plé ró-shuarach leo. Ach tá sé cruthaithe ag go leor de na cinn eile go bhfuil gá le maoirseacht éigin.

    ReplyDelete
  3. @ Dennis, faoin am seo, ní chóir go mbeadh ionadh orm, ó tharla an oiread sin scéalta cloiste agam, ach an é go bhfuil macántacht ar éirí seanfhaiseanta? Nó, an é go raibh formhór na ndaoine sna húdaráis éagsúla chomh macánta sin nár thuig siad go gcaithfí súil a choinneáil ar airgead ár 'ngarpháistí'.

    Faraor, ach is dócha go bhfuil an ceart agat, a Shéamais.

    @ 'Ach tá sé cruthaithe ag go leor de na cinn eile go bhfuil gá le maoirseacht éigin.'

    Aontaím, a Ormondo, ach an bhfuil aon duine ag íoc as na míghníomhartha, más ann dóibh, nuair a nochtar iad?

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.