Tuesday, June 1, 2010

Teorainneacha Saoirse

Bhí mé ag éisteacht le Ryan Tubridy ar maidin, é i gcomhrá le Diarmaid Ferriter faoin gclár nua The Limits of Liberty.

The Limits of Liberty is the story of Irish Independence. How governments of the early decades of independence were preoccupied with one overriding issue, power … This is the first television history of Ireland since the early 1980s and sets out to re-examine the received opinion of the foundation of the State.

Beidh an chéad sraith den chlár ag tosú anocht, ar RTÉ 1, ag 9.30 i.n., agus is dóigh liom gurbh fhiú súil a chaitheamh air le tuiscint de shaghas a fháil, b’fhéidir, ar nithe sin na staire a mhúnlaigh tubaistí thodhchaí na tíre seo. Seans gurb é an focal sin ‘power’ an focal cuí san ráiteas thuas.

scéal amháin go mór sna meáin le dhó. Táim ag éisteacht le, agus ag léamh faoi, na tuairimí éagsúla, lucht an lochta ón dá thaobh ag labhairt agus ag scríobh, formhór na ndaoine ag iarraidh ciall a dhéanamh den tubaiste uafásach seo, mé féin san áireamh.

eagraíochtaí ann, agus tá súil agam go n-éireoidh leosan an brú, mar is ceart, a chur ar na daoine atá freagrach as an tubaiste mhillteanach seo, le go bhfaighidh na daoine bochta atá ag fulaingt ar Stráice Gaza an cuidiú atá de dhíth orthu.

‘The blockade is collective punishment, illegal under international law. It must be lifted immediately.” Israel has a duty under international law to ensure the welfare of Gaza’s inhabitants, including their rights to health, education, food and adequate housing.
.

4 comments:

  1. Tá súil agam freisin a Áine. Ach níl ann ach deichniúr, ní raibh faic déanta faoin 1500 duine a fuair bás le linn slad Gaza! Tuairim is 400 páiste ina measc! Cén fáth go n-athródh aon rud do deichniúr?

    Beidh cáineadh, beidh rialtais ag lorg fiosrúchán neamhspleách, bhí déistin ar dhaoine eile, ach de réir a chéile bogfaidh an scéal as ár dteilifís agus ár raidió agus bheidh muintir Gaza fós ag fulaingt.

    ReplyDelete
  2. Déanaim iarracht súil a choinneáil ar an todhchaí, seachas ar an stair, a Dhubhaltaigh, agus déanaim dhá oiread iarrachta bheith dóchasach.

    Níl sé éasca bheith dóchasach, go deimhin, agus tuigim sin. Táimid ag brath ar rialtais le clár oibre dá gcuid féin acu, iad ag obair i gcoinne a chéile, nó lena chéile, ar mhaithe le cumhacht, nó ar mhaithe le margaí, b'fhéidir, agus déanann siad nithe nach bhfuil ceart ná cóir.

    Faraor géar, is iad an ghnáthmhuintir a bhíonn ag fulaingt nuair a bhíonn míriail nó mírialtacht de shaghas ar bith ann.

    Mar sin féin, níor mhaith liom mo dhóchas a chailleadh.

    ReplyDelete
  3. Is oth liom a rá nach bhfuil ach na prionsabail i bhfeidhm sa lá inniu i gcúrsaí an domhain:

    1. Is ionann an ceart agus an chumhacht.
    2. Is ionann an diabhal agus mo namhaid.
    3. Fanann an duine ina thost má tá suaimhneas ar sop uaidh.

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.