Thursday, May 13, 2010

The Business

Seo clár a thaitníonn go mór liom. Cé nach duine gnó mé, is maith liom súil a choinneáil ar céard atá ag tarlú sa tír, nó, i gcás an chláir seo, The Business, is maith liom cluas a thabhairt do tharluithe gnó na tíre.

An tseachtain seo, mar shampla, chuala mé Adrian agus Robyn Devane ag insint don tír faoi bhéirín na mbriathra Gaeilge. Ar ndóigh, a bhuí le Bean an tSléibhe a chuir an t-eolas chugam féin, bhí an dea-scéal sin roinnte agamsa libhse roimhe seo.

Mar sin féin, ba dheas Robyn, atá trí bliana d’aois, agus ar léi guth an bhéirín, ba dheas í a chloisteáil ag comhaireamh beo ar an aer. Táim cinnte gur chuidigh an sliotán sa sceideal ar an gclár go mór le hAdrian agus le Robyn; gur chuidigh sé leo daoine eile, seachas mo léitheoirí uaisle féin, a chur ar an eolas faoin bhéirín. Tá súil acu an béirín a bheith réidh le díol i Mí Mheán an Fhómhair, in am do mhargadh na Nollag.

Bhí Luke Johnson ar an gclár an tseachtain seo. Dar leis, ‘there’s never been a better time than now to start your own business…’, agus is féidir tuilleadh ar an ábhar seo a chloisteáil uaidh, ach éisteacht le podchraoladh chlár an tSathairn seo caite anseo.

Bhí úinéirí an Yellow Pepper i Leitir Ceanainn ar an gclár, agus iad ag labhairt faoi athoscailt na bialainne áille sin.

Mo chuimhne, ó tharla mé ag labhairt ar bhialanna, agus ar ghnó úr a bhunú, bhí mé in Bread and Butter, bialann nua a d’oscail Déardaoin seo caite, sa Forte Shopping Centre, i Leitir Ceanainn. Tá an bhialann suite idir TK Maxx agus Marks and Spencer’s, agus tá sí gar go maith den phictiúrlann, dá mbeadh fonn ort greim bia a bheith agat roimh ré, mar shampla.

Cheap mé féin go raibh an bia ann go hálainn, saor go maith, agus an t-atmaisféar agus na freastalaithe ann an-chairdiúil. De thimpiste a tháinig mé ar an áit, agus mé ag siúl thart ar an ionad siopadóireachta sin Déardaoin seo caite, ach is mé a bhain sult as mo phanini blasta, agus as mo mhuga caife.

Tá bácús acu ann chomh maith, ach is é an rud is mó a rith liom faoin áit ná cé chomh díograiseach, agus cé chomh cuidiúil, is atá foireann na bialainne sin. Buailigí isteach chucu, go bhfeicfidh sibh féin an áit, agus le tacú leo, más mian libh.

Go n-éirí go geal leo uile in am seo na gciorraithe.
.

2 comments:

  1. Go raibh maith agat as an mholadh sin, a Áine. Bainfidh mé triail as amárach.

    ReplyDelete
  2. Bhí mé ann arís inniu, a Phroinsias, mé féin agus cara liom. Fuaireamar neart le hithe, ár gcupáin caife líonta arís is arís eile, le sóinseáil fágtha againn as €15!

    Bain sult as, a chara. Beidh mé ar ais ann mé féin, gan dabht.

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.