Monday, May 10, 2010

Nathanna Cainte

Rinne mé muc díom féin!’ arsa duine amháin ag an gcóisir, í tar éis i bhfad barraíocht a ithe, is dóigh liom. ‘M’anam, ach chuir tú eagán ort féin!’ arsa an bhean eile léi. Ar chloisteáil an abairt sin dom, thug mé an focal ‘eagán’ faoi deara, ó tharla gan é cloiste agam cheana, an dtuigeann sibh.

Ghlac sé go leor ama orm theacht ar an bhfocal ‘eagán’ in aon fhoclóir, agus ní haon ionadh é, mar go bhfuaimnítear é mar ‘uh-gán’, díreach mar a fhuaimnítear é san fhocal ‘duibheagán’, shílfeá. Bhí mise ar thóir focail le túslitir ‘u’ aige, mar gur cheap mé, ón bhfógraíocht a thit ar mo chluas, gur ‘u’ a bhí mar thúslitir ag an bhfocal. Murach An Dómhnallach, a d’aithin an focal, agus a bhí in ann an focal Béarla a thabhairt dom (gizzard), bheinn fós ar thóir ‘ugán’, sílim!

Ní bhaineann an t-eagán sna habairtí luaite sa chéad alt leis an gcuid sin den ‘eagán’ san fhocal ‘duibheagán’, mar a tharlaíonn sé. Is ‘abyss’ nó ‘unfathomable depth’ atá in ‘eagán’ an ‘duibheagán’ - ‘Chuaigh an bád go tóin eagáin.’ (lch. 389 Dinneen) - ach sé ‘aigéan’ an fhoirm cheart den fhocal ‘eagán’ sa chás seo, dar le Dinneen, mar is ‘dubh-aigéan na farraige’ - ‘the bottomless depths of the sea’, atá i gceist. (lch. 14 Dinneen)

Cibé scéal é, ar ais linn chuig tús an scéil, agus ‘Chuir tú eagán ort féin.’ Ní aontaíonn na foclóirí uile lena chéile maidir le litriú an fhocail - íogán (Dinneen), eagán agus eagaois (FGB Ó Dónaill), iogaois, agaois (McCionnaith), giodán (Lane O’Neill), eagaois (de Bhaldaithe), eagán (An Comhlacht Oideachais, Mícheál Ó Siochfhrádha). Is ón Dómhnallach a fuair mé an foclóir deireanach sin, agus mo bhuíochas le Bean an tSléibhe as na leathanaigh chuí as Lane O’Neill agus McCionnaith a sheoladh chugam.

Agus ní aontaíonn na foclóirí uile lena chéile an ‘gizzard’ nó ‘crop/craw’ éanlaithe atá san 'eagán' nó san' eagaois', cé nach ionann an ‘gizzard’ agus an ‘crop/craw’ ar chor ar bith. (féach uimhir 4 agus 8 anseo) Is é mo thuiscint go bhfuil dhá bholg ag éanlaith, nó dhá chuid i mbolg éanlaithe, gurb é an ‘crop craw’ an chéad bolg/chéad chuid den bholg, agus gurb é an ‘gizzard’ an dara bolg/dara chuid den bholg, nó rud éigin mar sin. Tá focail eile fearacht ‘prócar’. ‘spochán’, ‘spliúchán’ agus ‘geadán’ mar mhíniú ar ‘gizzard’ agus ‘crop/craw’ sna foclóirí uile, gan trácht ar eagán, eagaois, iogaois, agaois, giodáin srl. Cia ár sábháil!

Agus mé i gConamara an tseachtain seo caite, labhair mé le seanfhear faoin ‘eagán’, agus dúirt sé liom nach bhfaca sé daoine sa sean-am ag ithe ach eagán ón éanlaith nach snámhann; nach n-ithidís ach eagán ón gcearc agus ní ón lacha, mar shampla; go nglanaidís an salachar agus an t-arbhar den eagán, agus go gcaithidís ar an ngríosach é, agus go n-ithidís é ansin, díreach ón ngríosach, nuair a bhíodh sé bruite.

Is dóigh go mbeadh an té ‘a chuir eagán air féin’, rud beag ramhar ag breathnú, ó tharla a bholg líonta aige, is dócha. Agus mé i mbun taighde ar an eagán an tseachtain seo caite, tháinig mé ar nathanna cainte eile a bhaineann leis: ‘Níl ann ach an scrogall is an t-eagánHe’s only skin and bone.’ (473 FGB), agus ‘Níor bhris cearc an áil a híogánThe hen with a brood does not burst her craw.’ (600 Dinneen).

Mo chuimhne, dúirt fear eile liom gur chuala sé ‘Cuirfidh mé eagán ort!’ ráite - fear amháin ag bagairt ar fhear eile go mbuailfeadh sé é. Cnap de shaghas eile a bheadh i gceist leis sin, is dóigh liom!
.

2 comments:

  1. Is cosúil go n-itheann na Francaigh eagaoisí lachan freisin. Tá pictiúr anseo de phróca a bhfuil an lipéad seo air: Gésiers confits de canard gras. Níor thaitin an eagaois riamh liom nuair a bhí mé i mo pháiste -- ró-righin! -- agus níor bhlais mé riamh arís í mar dhuine fásta. Tá a fhios againn nach n-itheann tusa iad!

    Tig linn scéal an fhocail “duibheagán” a thabhairt siar céim amháin eile. Is ó “oceanus” a tháinig “aigéan”, creid é nó ná creid, mar seo:

    oceanus > océn > acén > aicén > aigéan

    Bhí an consan /g/ le cloisteáil i lár an fhocail an t-am ar fad.

    ReplyDelete
  2. Tuigim go n-itear eagaoisí lachan, a Dennis, ach nach suimiúil go ndeirtear ar an suíomh sin 'The gizzards of emus, turkeys and chickens are most notable in cuisine' - is léir go bhfuil bealaí an tsean-ama fós coitianta go maith.

    Cé go bhfuilim i m'fheoilséantóir le 23 bliain, is cuimhin liom gur ith mé eagaois i m'óige, agus aontaím leat - bhí sé rórighin!

    Maidir le 'oceanus>aigéan', bhí a fhios agam go mbeadh tuilleadh eolais uait ar an ábhar seo - maith thú!

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.