Monday, April 12, 2010

Comhbhrón

Dé Sathairn seo caite, chuaigh eitleán chun talaimh gar do Smolensk, sa Rúis. Mar is eol daoibh, maraíodh uachtarán na Polainne agus a bhean, mar aon le lucht míleata agus rialtais na Polainne, sa tubaiste.

Léigh mé an méid a bhí le rá ag Scott ina dhialann inniu, agus d’éist mé le daoine ón Pholainn anseo ar YouTube.

Tá a fhios agam go ritheann smaointe comhcheilge agus sabaitéireachta le daoine, agus leis na meáin in amanna, nuair a tharlaíonn tubaiste phoiblí, go háirithe má tharlaíonn an tubaiste sin agus ócáid bhrúidiúil staire, fearacht ár Katyn, mar chuid den scéal.

Mar sin féin, ní dóigh liom go gcuidíonn aon chaint ar chomhcheilg ná ar shabaitéireacht leo siúd atá muinteartha leis na mairbh, ná le pobal na Polainne i gcoitinne, thall ná abhus. Ag an am seo, tá siad croíbhriste, buartha, brónach. Is leosan atá mo smaointe, agus déanaim comhbhrón ó chroí leo inniu.
.

3 comments:

  1. Tá cara agam anseo agus a deirfiúr ina cónaí in Warsaw (is Polannach ise, freisin). Dúirt sí liom inniu nach mbeidh a fhios acu riamh cad a tharla, le fírinne, mar gur tharla sa Rúis é - sin a dúirt a deirfiúr léi. Faraor, is féidir go bhfuil an ceart acu. Scéal uafásach ar fad.

    ReplyDelete
  2. Mar a scríobh mé anseo cheana, a Shéamuis, is iomaí arm agus rialtas ag a mbíonn rúin agus, mar a scríobh mé sa seanphostáil sin uaim anuraidh, agus mé ag tagairt d'aon duine atá imithe ar shlí na fírinne go tubaisteach, is cuma cén chaoi ar tharla sé, 'sí an fhírinne lom bhrónach ná nach mbeidh an duine sin ar ais ina bheatha, lena mhuintir, go brách arís.'

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.