Friday, March 26, 2010

Roinn Ainm na Roinne Linn

Ní raibh scéal ná Gaelscéal le fáil i mBun Cranncha ar maidin, agus bhí orm mo chupán caife a ól i gCeann Scríbe, áit a raibh mé ag éisteacht le hIris Aniar ar Raidió na Gaeltachta.

Chaill mé formhór den chomhrá idir an láithreoir, Eibhlín, agus an tAire Ó Cuív, ó tharla mé ag tiomáint timpeall an bhaile ar thóir nuachtán nua na Gaeilge, ach chuala mé an tAire a rá go bhfuil trí lá fós againn ainm eile a thabhairt do ‘An Roinn Coimirce Sóisialaí’, nó leagan nua a chumadh, más mian libh a leithéid, a léitheoirí, sula ndéanfar reachtaíocht ar theideal na roinne nua-ainmnithe sin.

Ar ndóigh, thapaigh Eibhlín an deis, agus ghlac sí an cúram uirthi féin aon mholadh uaibhse, a lucht éisteachta, agus aon mholadh uaibhse, mo lucht léitheoireachta – níor, ahem, níor luaigh sí mo lucht léitheoireachta, ar fhaitíos aon mhíthuiscint, a léitheoirí – cibé scéal é, ghlac Éibhlín an cúram uirthi féin na moltaí uile a ghlacadh ag irisaniar@rte.ie , agus cuirfidh sise na moltaí sin ar aghaidh chuig an Aire.

Más mian leat ainm eile a thabhairt don roinn, ainm eile seachas An Roinn Coimirce Sóisialaí, seo do sheans, a léitheoir. Cuirfidh mé féin tús leis an gcraic, agus roinnfidh mé ceann nó dhó libh, ceann a fuair mé, ó bharr a cinn, ó dhuine ó aonach ar maidin – An Roinn Cúram Pobail, nó An Roinn Cúram Cearta Pobail.

Más buan mo chuimhne ar an gcomhrá ar an gclár, mhol an tAire dúinn leaganacha a thabhairt ina mbeadh an tuiscint ag an bpobal i gcoitinne, ón leagan nua, gurb iad dualgais na roinne aire agus airgead a thabhairt do dhaoine, chomh maith le fostaíocht a chur chun cinn. Ceapaim. Rud éigin mar sin.

Más rud é go bhfuil sibh ag iarraidh é sin a chinntiú, éistigí le focail an Aire ar chlár an lae inniu anseo. Bean na leathéisteachta a bhí ionam ar maidin, an dtuigeann sibh. Easpa Gaelscéal is cúis le mo mhearbhall, is dóigh liom. Ah bhuel, beidh an nuachtán agam go luath, ta súil agam. Idir an dá linn, bímis ag gabháil fhoinn...

♪♫ Roinn Ainm na Roinne Linn...♪♫♫
.

7 comments:

  1. Cibé ainm a roghnaítear, tá súil agam nach mbeidh na mílte agus na céadta míle euro a chaitheamh ar staiseanóireacht, comharthaíocht agus bolscaireacht don ainm úr, mar a tharla go minic nuair a bhí muid inár gcónaí i dtír an tsaibhris.

    ReplyDelete
  2. Bhuel, is léir go raibh daoine ann a raibh cónaí orthu 'i dtír an tsaibhris' de shaghas éigin, tír nach raibh páirt ag formhór an phobail ann, feictear dom.

    An bhfaca tú an rud a tharla in Údarás Forbartha Dugthailte Bhaile Átha Cliath!

    http://www.independent.ie/national-news/pressure-grows-for-docklands-inquiry-2112519.html


    An mbeidh deireadh, go brách, leis na scéalta cur amú airgid atá á gcloisteáil againn, agus gan duine ar bith freagrach, shílfeá, as an gcur amú airgid sin!

    ReplyDelete
  3. Nach raibh cóip de curtha ar leataobh duit!

    ReplyDelete
  4. Bhí ceann in ainm a bheith curtha ar leataobh dom, ach ní bhfuair mo nuachtánaí é!

    Níor tháinig sé fós, ach tiocfaidh, agus cuirfidh siad é ar leataobh dom ansin.

    ReplyDelete
  5. Roinn na Roinne?

    Ó gaibh mo leithscéal, bhí san agat ar do cheann-líne.

    Duh!

    ReplyDelete
  6. Ag scairteadh gáire atáim, a Mhíshásta...;-)

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.