Sunday, March 28, 2010

I Láthair na hUaire

Mhúchamar na soilse i gCeann Scríbe aréir, ón 8.30 i.n. go dtí 9.30 i.n., ár nUair ar son an Domhain caite againn sa dorchadas, gan stró.

Shuí mé féin agus Sióg ag an bhfuinneog thuas staighre, ag breathnú amach ar an domhan mór, ach níor thugamar faoi deara aon dorchadas sa bhreis amuigh ansin.

‘Sé an smaoineamh a rith liom, agus mé i mo shuí le mo chara ag an bhfuinneog, ar thug Sióg faoi deara go rabhamar inár suí ansin sa dorchadas, nó an ionann lá agus oíche, gile agus dorchadas, i súile an chait?

Cibé scéal é, a léitheoirí, tá uair amháin eile le caitheamh againn ar fud na hÉireann ar maidin. Sea, tá an samhradh linn, deirtear, agus beidh uair sa bhreis de sholas an lae againn gach tráthnóna, as seo go ceann sé mhí, ach gach clog agus uaireadóir sa teach a bhogadh go GMT +1:00 uair an chloig.

An é nár athraigh tú an t-am fós? Ócé, níl tú i láthair na huaire cirte mar sin, a chara.

Bhí mé féin agus Sióg i láthair na huaire dorcha aréir, agus táimid i láthair na huaire breise ar maidin, cé gur dóigh liom nach bhfuil a fhios aigesean é sin, agus is dóigh eile liom gur cuma leis sa sioc.

Ní chuireann uaireanta an lae, ná uaireanta na hoíche, ná uaireanta laghdaitheacha, ná uaireanta breise, isteach ná amach ar chat an fhionnaidh dhuibh. Caitheann sé chuile uair an chloig ar a chonlán féin, agus ar mhaithe leis féin. Diabhal locht ar a shaol fánach...
.

2 comments:

  1. Agus is mó is fearr, ar aon nós, an síneadh lae ná an síneadh oíche.

    ReplyDelete
  2. Aontaím - ní cailleach oíche mise, a Ormondo!

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.