Monday, March 22, 2010

Ireland's Greatest Figures

Chuala mé iomrá ar an scéal seo faoi ‘Ireland’s Greatest Figures’ le déanaí, agus bhí an clár teilifíse nua faoi chaibidil ar chlár raidió Ryan Tubridy ar maidin, áit a raibh sé ag labhairt le ‘John McHugh, producer of RTE TV Ireland's Greatest & Myles Duncan, broadcaster historian.’

Seo mar a deirtear ar shuíomh RTÉ:

RTÉ has invited the public to vote for Ireland's greatest figures as part of a new television series.
From a shortlist of 40 people, the public will be asked to vote for the greatest figures in the country's history.
The shortlist includes people from across the gamut of Irish life: sport, politics, music, arts and literature.’

Seo thíos an gearrliosta den 40 a roghnaíodh ón suirbhé MRBI a rinneadh, agus is féidir leat do vóta a chaitheamh anseo, más mian leat, nó is féidir tuilleadh eolais a fháil ar chlár Ryan Tubridy, ach éisteacht le clár an lae inniu anseo.

‘Shortlist of Greatest Irish People (in alphabetical order)

1. Bono (1960)
Rock Star and Human Rights campaigner
2. Dr. Noel Browne (1915 - 1997)
Politician and Physician
3. Michael Collins (1890 - 1922)
Revolutionary leader, Chairman of the Irish provisional government and Commander-in-chief of the provisional government army
4. James Connolly (1868 - 1916)
Socialist and Revolutionary
5. Éamon de Valera (1882-1975)
Revolutionary, Former Taoiseach and President of Ireland
6. Joe Dolan (1939 - 2007)
Singer and Entertainer
7. Ronnie Drew (1934 - 2008)
Singer and folk musician
8. Colin Farrell (1976)
Hollywood Actor
9. Garret Fitzgerald (1926)
Former Taoiseach and leader of Fine Gael
10. Stephen Gately (1976 - 2009)
Singer and Actor
11. Bob Geldof (1951)
Musician and Human Rights campaigner
12. Pádraig Harrington (1971)
Professional Golfer
13. Charles Haughey (1925 - 2006)
Former Taoiseach and leader of Fianna Fáil
14. Séamus Heaney (1939)
Poet, Writer and Winner of the Nobel Prize in Literature.
15. John Hume (1937)
Politician and co-recipient of the 1998 Nobel Peace Prize
16. James Joyce (1882 - 1941)
Writer
17. John B. Keane (1928 - 2002)
Writer, Humourist and Publican
18. Roy Keane (1971)
International Footballer and Manager
19. Ronan Keating (1977)
Singer/Songwriter and Charity Campaigner
20. Seán Lemass ( 1899-1971)
Revolutionary, and former Taoiseach
21. Jack Lynch (1917 - 1999)
Taoiseach and Sportsman
22. Phil Lynott (1951 - 1986)
Singer, bassist and songwriter
23. Paul Mc Grath (1959)
National and International Footballer
24. Christy Moore (1945)
Irish singer/songwriter.
25. Liam Neeson (1952)
Hollywood Actor
26. Daniel O'Connell (1775-1847)
Political leader, Catholic Emancipator and Lord Mayor of Dublin
27. Daniel O'Donnell (1961)
Singer and entertainer
28. Brian O'Driscoll (1979)
Professional rugby player
29. Michael O'Leary (1961)
Chief Executive of Ryanair
30. John O'Shea (1944)
Humanitarian Campaigner
31. Sonia O'Sullivan (1969)
Athlete
32. Charles Stewart Parnell (1846 - 1891)
Nationalist political leader, founder and leader of the Irish Parliamentry Party and land reform agitator.
33. Pádraig Pearse (1879 - 1916)
Educator, writer and revolutionary
34. Christy Ring (1920 - 1979)
Hurling Champion
35. Mary Robinson (1944)
Former Irish President and Human Rights defender
36. Adi Roche (1955)
Humanitarian and campaigner
37. Wolfe Tone (1763 - 1798)
Republican and Revolutionary
38. Louis Walsh (1952)
Music Manager and Judge on 'The X Factor'
39. Oscar Wilde (1854 - 1900)
Writer, poet and dramatist
40. W.B. Yeats (1865 - 1939)
Poet, Dramatist, Founder of the Abbey Theatre and Winner of the Nobel Prize in Literature ‘

.

11 comments:

  1. Dá mbeadh ar Mheiriceánach nó ar Eorpach an liosta seo a chur le chéile daoibh, bheadh Yeats agus Wilde ag an mbarr, is dócha, in éineacht le Pádraig, Colm Cille, Brian Boru, agus.... Danny Boy?
    ;-)

    ReplyDelete
  2. Agus Gráinne, agus Deirdre, agus Bríd, agus Peig agus, i bhfocal an Gharraíodóra 'Mrs. Mac Cumhaill'!

    ReplyDelete
  3. Cá bhfuil na mná ar an liosta -níl ach triúir ann Cá bhfuil Cúntaois Markievicz nó Dr Kathleen Lynn?- Tá fir an érí amach ansin ach na mná fágtha ar lár

    ReplyDelete
  4. Chuala mé an clár ar maidin. Ní bheadh mórán meas agam ar an liosta atá curtha le chéile acu. Ronán Keating, Stephen Gatley, Joe Dolan, Daniel O' Donnell (cé go bhfuil sé muinteartha liom) ... an iad seo na daoine a shamlaímid mar laochra na hÉireann?
    Tá meas agam ar an cheol atá ag na daoine thuasluaite agus níor mhaith liom aon díspeagadh a dhéanamh ar an phleisiúr atá tugtha acu do na mílte, ach laochra? "The greatest Irish people of all time..?"
    Is iontach liom neamhaird iomlán a bheith déanta ar Éire na nGael. (B'fhéidir nár chóir iontas a bheith orm) Gráinne Mhaol, Aodh Rua Ó Néill, Niall Naoi nGiollach, Brian Bóroimhe, Gearóid Mór, Gearóid Óg, Seathrún Céitinn, Míchéal Ó Cléirigh, John Duns Scotus, Aodh Ó Dónaill, Manás Ó Dónaill, Tadhg Dall, Raifeartaigh file etc etc.

    Insíonn sé rud éigin dúinn faoin aimsir ina mairimid.

    ReplyDelete
  5. Tá O'Donaill agus De Bhaldraithe le m'ais agus Dinneen thuas an staighre.

    ReplyDelete
  6. Is léir dom, ón méid atá á chloisteáil agus á léamh agam, go bhfuil go leor daoine nach bhfuil róshásta leis an liosta seo.

    Ach, san áit a mbíonn pobal ag roghnú, nó ag vótáil, bíonn, ahem, éagsúlacht!

    ReplyDelete
  7. Seo daoibh Ireland's greatest figure:
    http://www.financedublin.com/debtclock.php

    ReplyDelete
  8. Daniel O'Connell agus Daniel O'Donnell, ab ea? Ní féidir a chur i leith an té a chum a liosta thuas nach bhfuil sé gan chiall do ghreann.

    Nuair nach raibh ach an ceannlíne léite agam cheap mé go mba dheacair dom an rogha a dhéanamh idir Aodh Mór Ó Néill agus Gaybo. Ach níl ceachter acu ar an liosta!! ;-)

    Agus cá bhfuil Dustin an Turcaí?

    ReplyDelete
  9. Suimiúil gur luaigh tú Gaybo, a Ormondo, mar tá a ainm cloiste agam go mion minic ó tháinig an liosta sin amach, agus iontas nach beag ar go leor daoine nach bhfuil a ainm áit éigin ann.

    Tá ainm T.K Whittaker cloiste agam, freisin.

    Tá snáithe suimiúil le léamh faoi pholaiteorí éagsúla ag an nasc thíos.

    http://www.politics.ie/history/123054-if-dev-wasnt-most-important-irish-politician-20th-century-who-2.html

    Maidir le Dustin, níor chuala mé iomrá air ón Nollaig...

    ReplyDelete
  10. Figiúr suimiúil, gan dabht, a Shéamais!

    ReplyDelete
  11. "Seo daoibh Ireland's greatest figure:"

    :) goa

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.