Sunday, March 28, 2010

Gaelscéal Amú! Gaelscéal Abú!

Ceart go leor, ní bhfuair mé é ar an Aoine, é imithe amú, b'fhéidir, áit éigin idir dáil agus díol, ach tháinig mo Ghaelscéal ar an Satharn, agus, dar m’anam, ach is mé a bhain taitneamh as ag an deireadh seachtaine.

Is fearr mall ná go brách, a chairde, agus mo bhuíochas le lucht Macs, an nuachtánaí áitiúil óna mbím ag ceannach mo nuachtán go hiondúil, dream a chaith lá nó dhó ar an bhfón le dáileoir an nuachtáin, go dtí gur éirigh leo cóipeanna de Ghaelscéal a fháil, ar mhaithe leis an gcustaiméir seo, agus ar mhaithe le custaiméirí eile, ar mór leo an teanga.

Maith dom na 65 focal san abairt sin thuas, a léitheoirí. Mar is eol daoibh, is minic mé ag rámhaille liom, ach tuigeann sibh sin, nach dtuigeann, a léitheoirí?

Níor tháinig Gaelscéal chuig na nuachtánaithe áitiúla eile, feictear dom. Bhí fadhbanna dáileacháin ann, shílfeá. Mar sin féin, níl tuile dá mhéad nach dtránn, agus rinne mé mar a mhol eagarthóir an nuachtáin nua, Gaelscéal, agus chuaigh mé thart ar na siopaí nuachtáin ‘ag iarraidh orthu Gaelscéal a chur ar na seilfeanna.’

Is maith liom gach a raibh le rá ag Ciarán Dunbar ina ‘Fáilte go Gaelscéal’, go háirithe an méid seo uaidh maidir leis an ‘Ghaeilge faoi bhrú’,

‘…tá dúshlán ar leith roimh an teanga agus romhainn a labhraíonn í. Thiocfadh linn a bheith ciniciúil diúltach agus éadóchasach ach cibé rud a dhéanann diúltachas agus díomuachas, ní dhéanann siad faic na ngrást leis an Ghaeilge a choinneáil beo ar chaoi ar bith.’

Tá an ceart aige, agus beidh mise ar dhuine de na daoine sin a thabharfas deis do lucht ‘Gaelscéal’ fáil réidh lena bhfadhbanna tosaigh, sula gcuirfidh mise, ahem, m’fhiacail ann, mar a déarfá, agus déanfaidh mé chuile iarracht tacú leo tríd an dea-scéal a scaipeadh: tá nuachtán nua ar an bhfód, ‘nuachtán i nGaeilge seachas páipéar Gaeilge’, agus is fiú súil a chaitheamh air, más é do thoil é.

Idir an dá linn, déarfaidh mé an méid seo. Is maith liom a bhfuil léite agam go dtí seo, agus is maith liom leagan amach an pháipéir. Níor bhris focal maith fiacail riamh. Bíodh an diabhal ag na cancráin. Gaeilge agus Gaelscéal abú!
.

3 comments:

  1. Ba chóir An Gael a luath ag an am céanna....

    ReplyDelete
  2. Go deimhin, a Shéamais, agus sin smaoineamh a rith liom nuair a fuair mé mo chóip ar maidin - go raibh maith agat!

    ReplyDelete
  3. Maith thú, a Áine, is cóir meon cuiditheach a bheith ag lucht labhartha na Gaeilge uilig i dtaca leis an nuachtán nua.

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.