Wednesday, February 3, 2010

Nathanna Cainte

‘Sé Dia a chas thart thú’ arsa mo chol ceathrair, focail bhuíochais uaithi i dtreo na mná a thairg milseog bhreá mhór di. Bhí mo chol ceathrair ar ‘diet’ le dhá mhí, an dtuigeann sibh, cloch mheáchain caillte aici agus ba ‘treat’ beag a thairg úinéir flaithiúil na milseoige di, sórt duais mar gur éirigh léi gan rud ar bith milis a ithe le dhá mhí, is dócha.

Ach, is cuma faoi sin. Níl ansin ach ‘dála an scéil’, mar gurb é an ‘Sé Dia a chas thart thú’ an t-aon rud a mheall m’aird ag an am, cé gur ith mé slám den mhilseog freisin, caithfear a admháil.

Shamhlaigh mé, ar feadh nóiméad nó dhó, ar chloisteáil na bhfocal sin ó mo chol ceathrair, muc ag casadh ar bior, ach bhí a fhios agam nach raibh baint ar bith aige sin leis an méid a dúirt sí, ach gur ag gabháil buíochais a bhí sí. Cibé áit ina raibh bean na milseoige ag dul, chas Dia thart í, sheol i dtreo mo chol ceathrair í, agus ba ó Dhia a tháinig an mhilseog, is dócha.

Is féidir úsáid a bhaint as an mbriathar ‘cas’ le haghaidh ‘casfaidh mé leat ag an mbialann’, dá mba rud go raibh fonn ort bualadh le duine éigin, agus slám milseoige a ithe tú féin.

Má thagann duine le dea-scéal, nó le féirín deas, chugat, agus más rud go bhfuil tú buíoch, agus más rud go gcreideann tú a leithéid, is féidir leat ‘M’anam, ach sé Dia a chas thart thú!’ a rá, cheapfainn; ach feilfidh ‘Go raibh maith agat’, mura bhfuil leagan dúchasach cráifeach uait, agus más rud go bhfuil béasa agat, ar ndóigh.
.

4 comments:

  1. Chas Dia Naomh Pól thart freisin (agus anuas óna chapall, leis). Thuigfinn é mar go bhfuil tú i do dhuine maith anois, mar shábháil Dia d'anam agus chuir Sé ar bhóthar do leasa thú.
    Ach is eachtrannach mé, dar ndóigh.

    ReplyDelete
  2. Chas neach éigin sneachta an domhain i dtreo chósta thoir na Stát. Bheadh sé go deas dá gcasfadh sé (nó sí) i dtreo eile é. Ní soir go hÉirinn, ar ndóigh, ach b'fhéidir soir ó thuaidh, go Spitzbergen nó áit a bhfuil sneachta mar seo de dhíth uirthi chun na cnoic oighir is na béir bhána a choinneáil slán. Faoi bhrat sneachta - Róislín

    ReplyDelete
  3. An aimsir go hálainn anseo, rud beag fuar, ach an ghrian ag scaladh orainn in Inis Eoghain le lá nó dhó - slán a bheas sí!

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.