Chuir an méid a scríobh Aonghus ina phíosa anseo maidir le dialanna, agus maidir leis an mblagáil, mo smaointe féin ag rith le lá nó dhó.
Níor choinnigh mé dialann riamh, ach amháin ceann faoi fhorbairt na bpáistí agus iad ag fás aníos, ach is dóigh liom go mba chóir don té atá ag coinneáil dialainne bheith cúramach, ach an oiread le lucht na mblaganna, más rud go bhfuil a dhath pearsanta, ná fiú tuairim, le roinnt acu ar phár. Ní féidir na focail scríofa, ná labhartha, a tharraingt siar, agus ní féidir an toradh uatha a tharraingt siar, ach an oiread.
Chomh maith leis sin, tá seans ann go n-athródh meon an scríbhneora le ham, de réir mar a athraíonn an saol, nó de réir mar a athraíonn saol an scríbhneora, b'fhéidir, rud a d'fhágfadh nach ionann a ndearcadh sa todhchaí, abair, agus an dearcadh a bhíodh acu nuair a roinn siad na smaointe sin ar dtús.
Fiú más fánach smaointe an scríbhneora, ní dochar iad a roinnt, cheapfainn, ach a bheith cúramach faoin méid a roinntear, le nach ngoinfear aon duine, an scríbhneoir féin san áireamh, le focail shearbha, ná le focail mhístuama, más féidir é ar chor ar bith.
Is fiú greim a choinneáil ar an smaoineamh sin, is dóigh liom, agus duine ag roinnt ábhar ar bith ar an idirlíon, ach go háirithe. Is minic tráchtanna feicthe agam ar an idirlíon, focail caite ar phár go fánach, shílfeá, daoine ainmnithe, agus daoine gan ainm go minic, ag roinnt a dtuairimí; cuid acu le nimh, cuid acu le milseacht, cuid acu gonta searbh, cuid acu gonta goilliúnach, cuid acu ciallmhar, cuid acu craiceáilte – ag brath ar do dhearcadh féin, ar ndóigh.
San áit a bhfeicfí nimh ag duine amháin, mar shampla, d’fheicfeadh duine eile ciall; san áit a bhfeicfí fírinne ag duine amháin, bíonn masla ann do dhuine eile. Agus sin mar atá an saol. Chuile dhuine agus a ndearcadh féin acu ar ábhar ar leith, ag am faoi leith ina saol.
Tá leabhar urnaithe agam, leabhair a foilsíodh i 1917, ag Coṁluċt na Fírinne Catoilice, leabhar a thug mo mháthair domsa, leabhar a fuair sise ó mo shean-aintín, leabhar a fuair mo shean-aintín óna deartháir i 1919. Tá rannóg ann, Urnaithe Le Rá Ar Ócáidí Áirithe, agus tá an phaidir seo thíos ann, paidir atá le rá ‘Roimh Labhairt’:
‘A Íosa, a Mhic Dé, a bhí ciúin os comhair Phioláit, ná lig dúinne ar dteanga do luascadh gan smaoineamh ar cad atá againn le rá, agus conas é a rá.’
Áiméan, a deirimse.
.
Lá Teaghlaigh na Nollag ar an Iúr
3 days ago
Tá's agat cheana féin an fealsamh atá agam maidir le scríbhneoireacht: “beagán a rá agus é a rá go maith”. Nílim i bhfách leis an méid sin féin-chinsireacht a imirt ar an scríbhneoireacht, ar eagla go gcuirfidh rud éigin scríofa colg ar dhuine -- nó áiféaltas ort féin agus tú ag breathnú siar ar an méid a bhreac tú síos i gcín lae agus tú níos óige!
ReplyDelete;-)
Tráthúil a Áine.Bhí trácht sna paipéirí Domhnaigh ar cás a shochraiodh roimh lá na cuairte nuair a íoc blagadóir €100K i gcás clúmhilleadh.Níor cheap mé go dtí seo go mbeadh aon dainséar clumhilleadh i dtearmaí dlí san blagadóireacht.
ReplyDeleteNi cinsireacht atá i gceist agam thuas, a Dennis, ach cúram, agus níl ansin uaim ach tuairim phearsanta, agus an dóigh ina n-oibrím féin - tá súil agam!
ReplyDeleteMar a scríobh mé thuas, téann dearcadh an duine i bhfeidhm ar a mhothúcháin agus é ag léamh - nó b’fhéidir gurb iad na mothúcháin a spreagann an dearcadh - agus d’fhéadfadh duine amháin rud colgach a fheiceáil san áit a d’fheicfeadh duine eile greann, mar shampla, agus go mbeadh toradh dá réir sin. Sin ilghnéitheacht, slán a bheas sí!
Ní féidir a leithéid a rialú, fiú dá mbeadh a leithéid mar mhian ag lucht na cinsireachta, agus nílim ar dhuine acu siúd, ceapaim. Is féidir, go deimhin, pointe a chur i láthair dar d’fhealsúnacht féin, cé go bhfuil daoine ann ar fearr leo a bhfealsúnacht a roinnt le neart focal. Sin mar atá.
Maidir le mothúcháin agus focail an óige, is maith liom focail ghonta Edith Piaf, ‘Non, je ne regrette rien’…:-)
A John M, cén páipéar ina raibh sé sin? An bhfuil an nasc agat, le do thoil?
‘A Íosa, a Mhic Dé, a bhí ciúin os comhair Phioláit, ná lig dúinne ar dteanga do luascadh gan smaoineamh ar cad atá againn le rá, agus conas é a rá.’
ReplyDeleteÁimeán!
An-urnaí, a chara.
ReplyDelete