Friday, January 22, 2010

Cleasaíocht

Chuala mé díospóireacht shuimiúil idir Suzanne Breen agus Mary Lou McDonald ar chlár raidió Phat Kenny ar maidin. Más rud go leanann tú cúrsaí na tíre seo, seans go mbeidh a fhios agat go mbíonn scéalta sa Sunday Tribune, an páipéar lena scríobhann Suzanne Breen, nach dtaitníonn le páirtí Mhary Lou, a fhearacht seo.

Nílimse ag dul a dhath a rá faoi na scéalta sin, mar go gcreidim go bhfuil údaráis ann a bheas ag plé leo, agus ní dóigh liom go mba chóir domsa mo ladar a chur i meadar gan suaitheadh, go háirithe agus údaráis ann le déileáil leis na scéalta sin, más gá.

Más mian leat an díospóireacht a chloisteáil, beidh sé le fáil anseo, faoi ‘Sinn Féin and allegations of sexual abuse complaints’.

Más fiú a dhath mo thuairim, is dóigh liom féin go gcreidfear, ón méid a dúradh ag deireadh an chláir, bean amháin nó bean eile – an bhean a d’úsáid na focail ‘despite your acrobatics’, nó an bhean a d’úsáid na focail ‘we have indisputable records’. Beidh le feiceáil…

Cibé scéal é, is é an focal sin ‘acrobatics’ a chuir mo smaointe ag rith, agus a chuireann mo mhéara ag rámhaille anocht. Chaithfeadh sé go bhfuil aois ag teacht orm, agus sin rud nádúrtha. Agus is rud é nach gcuireann isteach ná amach orm go hiondúil, ach, le déanaí, táim den bharúil go bhfuil amhras ag teacht i dteannta na haoise sin.

Siad na diabhail ‘acrobatics’ sin is cúis leis, ceapaim. Ar thug sibh faoi deara na focail chleasaíochta atá in úsáid go rialta anois? Ní insítear bréag, ach an insítear an fhírinne?

Nine out of ten women prefer this shampoo!’, mar shampla. Ní bréag é, mar gur labhair siad le deichniúr, agus thaitin an shampoo le naonúr acu, seans. Mar sin féin, dá gcloisfeá na focail sin, nó dá bhfeicfeá na focail sin scríofa, agus gan an téacs beagchlóite léite agat, bheadh tú den bharúil, is dócha, gur cuireadh an cheist ar chuile bhean beo, agus go raibh an ‘shampoo’ sin thar barr ar fad, tús áite aige ar fud an domhain, fiú. Ní bréag a insíodh, mar sin féin. Ach ar inis siad an fhírinne?

Tá comhlachtaí, a fhearacht seo, a chuidíonn le daoine lena gcuid Presentation Skills, agus lena gcuid Media Skills. Anois, cén fáth a dteastódh a leithéid de scileanna ón duine ionraic, meas tú? Mar sin féin, baineann daoine, polaiteoirí ina measc, úsáid rialta as na comhlachtaí cumarsáide seo, le go mbeidh siad in ann an fhírinne a roinnt linn mar is ceart. Sea.

Ní haon ionadh go bhfuil peaca an amhrais ag méadú le m’aois. Cloisim stuif mar ‘I’m glad you asked that question’, ‘going forward’, ‘in the best interest of the taxpayers’, ‘mistakes were made’, ‘we have no plans to…’, I’m not here to talk about…’, ‘we are committed…’ agus ‘let me be clear…’, nuair nach bhfuil a dhath ‘clear’ faoin méid atá á rá ar chor ar bith, shílfeá. Mar sin féin, níor insíodh bréag, agus níor scaradh le fírinne.

Acrobatics, a chairde, acrobatics.
.

5 comments:

  1. Ní gá gurbh peaca amhras. Ná dúirt Íosa linn bheith chomh glic le nathracha, ach chomh saonta le colm? Agus nuair is polaiteoirí agus iriseoirí atá i gceist....

    ReplyDelete
  2. 'Peaca an amhrais' = scepticism (FGB lch. 41)..:-)

    ReplyDelete
  3. Maidir le shampoo, seo é an fógra is fearr dá bhfaca mé le fada!

    ReplyDelete
  4. Hmmmmmm 'Nine out of ten women...'

    ReplyDelete
  5. Samhlaítear dom gur geall le hinneall uathoibríoch a sceitheann polait-bhéarlagair amach gan stad gan faoiseamh é béal an duine a bhíonn de shíor i mbéal an phobail, béal an pholaiteora ach go háirithe!

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.