Monday, January 25, 2010

Meon nó Mearbhall?

Mar a tharlaíonn, ó am go chéile, agus mé i mo shuí sa seomra suite nó sa chistin ag plé le mo rámhaille rialta, bíonn an teilifís ag caint liom sa chúlra. Ní thugaim aird uirthi an t-am ar fad, mar is minic raiméis ag teacht uaithi nach mbaineann liom nó nach mbainim léi. Ach, corr uair, scaoilim le m’aird agus téann sí féin, mo chluasa agus mo shúile i dtreo na teilifíse, rud a tharla ar an Aoine, más buan mo chuimhe.

Mar a scríobh mé anseo cheana, feicim an clár ‘Family Fortunes’ anois is arís. Ar an gclár Dé hAoine, cuireadh an cheist ‘Name something you would pull’. Más cuimhin libh, bíonn an cheist seo curtha ar ‘100 people surveyed’ roimhe, agus is iad na ‘top answers’ uatha siúd na freagraí atá le fáil ag iomaitheoirí an chláir. Seo thíos na freagraí a tugadh sa suirbhé sin, más fíor:

1. Leg
2. Pint
3. Caravan/Trailer
4. Opposite Sex
5. Chain
6. Curtain


Meas tú, arsa mise liom féin agus mé ag breathnú ar fhreagra uimhir a 4, an é nach gcuirtear, sa suirbhé, ceisteanna mar seo ar dhaoine aeracha riamh? Nó an bhfuil baint ag lucht na heagarthóireachta leis an toradh thuas? Nó an é gur ‘opposite sex’ an freagra a tháinig go nádúrtha as béal formhór na ‘100 people surveyed’?

Cibé scéal é, ó tharla mé ag caint ar dhaoine aeracha agus ar an gclár Family Fortunes, caithigí súil ar an bhfíseán seo ó youtube, agus bainigí sult as.

Maidin mhaith, a chairde!
.

No comments:

Post a Comment

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.