Wednesday, December 2, 2009

Deartháir Mór

Mar a scríobh mé cheana ar an mblag seo ‘Ní dochar an t-aineolaí a chur ar an eolas faoin eolaí.’

Mar aineolach, táim ag foghlaim faoin modh blagála ó lár na bliana seo, nuair a thosaigh mé ar an mblag seo. Mar chuid den fhoghlaim sin, chuir mé StatCounter ar an mblag freisin. Tá sé le feiceáil ag bun an leathanaigh seo, agus thug mé faoi deara inné go ndeachaigh an comhaireamh thar an 10,000.

Anois, ní hé sin le rá go bhfuil 10,000 duine ag teacht agus ag imeacht ón mblag seo, ná baol orthu, ach sin an méid leathanaigh atá léite ar mo bhlag ó thosaigh mé ag rámhaille liom. Agus, tá súil agam gur bhain sibh sult as, cibé sibh féin, nár ghoin mé aon duine agaibh riamh le m’fhocail, ach gur chuidigh m’fhocail libh, ar dhóigh amháin nó ar dhóigh eile. Is mór liom bhur gcuideachta. Go raibh maith agaibh as bheith liom ar mo thuras foghlama.

Níor chuir mé mo Dheartháir Mór, mar a thugaim féin air, i bhfolach, mar is fearr liom a bheith oscailte faoin rud, le go mbeidh na léitheoirí ar an eolas go bhfuil súil á choinneáil ar thrácht an bhlag. Agus, tá sé suimiúil an chaoi a n-oibríonn sé, cé gur dóigh liom nach dtuigeann go leor daoine an easpa príobháide a bhaineann lena leithéid, is cuma cén suíomh idirlín ar a bhfuil a leithéid de ‘invisible web tracker’. Tá neart acu ann.

Agus mé ag teacht i dtaithí ar na ‘trackers’ seo, thug mé cúpla rud faoi deara, agus is fiú sibh a chur ar an eolas fúthu, mar nach ar an suíomh seo amháin atá siad ach, is dóigh liom, ar chuile shuíomh gnó, seans, agus ar chuid mhór suíomhanna pearsanta, fiú mura bhfuil siad le feiceáil. Ar ndóigh, níl ansin ach mo thuairim, agus nílim ach ag foghlaim. Ach seo chugaibh na rudaí a thug mé faoi deara, bíodh mé ceart nó mícheart, agus mé i mbun taighde ar mo Dheartháir Mór féin.

Tá mo chúntóir féin socraithe agam ar ‘pageloads’, sé sin comhairtear na leathanaigh a léitear, sé sin le rá, is féidir le léitheoir amháin theacht ar cuairt chuig mo bhlag agus gan ach leathanach amháin a léamh, ach d’fhéadfadh sé 20 leathanach a léamh i rith na cuairte amháin sin, dá mba mhian leis. Ar an dóigh sin, níl ach duine amháin i gceist leis an gcuairt sin, ach 20 leathanach comhairthe ag mo DM.

Agus insíonn DM dom cé na leathanaigh a léadh, agus cé as ar tháinig an léitheoir, abair, mar shampla, ó shuíomh duine de mo chomhblagálaithe, nó ón Astráil, An Spidéal, an Ghearmáin, Maigh Eo, Talamh an Éisc, Foras na Gaeilge, ranna stáit, Corcaigh, Meiriceá, Irish Times, Baile Átha Cliath, tíortha éagsúla ar fud na hEorpa. contaetha éagsúla ar fud na tíre, agus mar sin de. Ní insíonn sé dom cé hiad na daoine, ach dá mbeadh trácht an léitheora rialta ar an suíomh, tar éis ama, bheadh a fhios agat, b’fhéidir, cén bhlag as ar tháinig sé, agus más leis nó léi an blag sin go pearsanta.

Agus is ansin ba chóir an fhainic a bheith, a léitheoirí, mar is eol don aineolach seo anois, ó tharla mé ag foghlaim liom. Más rud go bhfuilimse in ann an méid sin eolais a fháil mar aineolach, bheadh an duine eolach in ann i bhfad níos mó eolais a fháil, cheapfá?

Mar shampla, más rud go bhfuil tú ag caitheamh vóta ar shuíomh, abair, nó ag fágáil teachtaireacht ar an suíomh sin, agus más rud gur léitheoir rialta tú, seans go bhféadfadh fios a bheith ag úinéir an tsuímh sin cé tú féin, nó, ar a laghad, cé as ar tháinig tú.

Bíonn a fhios agamsa go hiondúil, mar shampla, cé atá ann nuair a fhágann duine de mo chomhbhlagálaithe teachtaireacht ar mo bhlag, cé nach mbeadh le feiceáil ach an t-ainm a úsáideann siad, bíodh sé cumtha nó fíor, mar is iadsan amháin a bheadh in ann a ‘comment –iframe’ féin a oscailt ar a mblagsan. Is dóigh liom go bhféadfaí theacht ar eolas faoin vótálaí ar an gcaoi chéanna, ach nílim cinnte. Is fearr a bheith faireach, mar sin féin, más rud go bhfuil vóta á chaitheamh agat ar aon suíomh, ar fhaitíos.

Ní chomhaireann DM mo chuairteanna féin ar an suíomh, mar go bhfuil sé socraithe agam nach ndéanfaidh sé é sin, le ‘Blocking Cookie’ cliceáilte agam, san áit a deir ‘Don’t log my visits’. Níl a fhios agam an bhfuil sé sin amhlaidh ar aon suíomh eile, ach dá mbeinn ag logáil mo chuairteanna féin, bheadh an figiúr i bhfad níos airde ná 10,000, ó tharla mé ag dul isteach is amach ar an mblag go rialta, ag léamh nó ag scríobh, ag brath ar mo ghiúmar, an dtuigeann sibh.

Is dóigh liom go bhfuil suíomhanna ann nach gcuireann ‘blocking cookie’ mar sin i bhfeidhm, le go gceapfar go bhfuil trácht sa bhreis acu, ach is dóigh liom go mbaineann sé sin le cúrsaí tráchtála, b’fhéidir, le go bhfaighidh siad níos mó comhlachtaí ag fógairt leo, agus ag fáil íocaíocht as dá bharr sin. Níl ansin ach barúil. Más rud nach bhfuil íocaíocht le fáil as, b’fhéidir go bhfuil fáth eile leis. Ní bhaineann sé liom, mar ní dhéanaim é.

Ach, a léitheoirí, is fearr go mbeadh a fhios agaibh céard a dhéantar, nó, ar a laghad, go bhfuil féidearthachtaí ann ar fiú bheith aireach orthu, agus cúramach fúthu, ar mhaithe le do phríobháid féin. Agus níl mise ach ag foghlaim, fós.
.

4 comments:

  1. Bíonn an dúrud eolas á sheoladh ag do ríomhaire isteach san líon agus tú ag línseoireacht.

    Go hairithe - mar a bhíonn i gceist i ríomhaire gnó - má tá seoladh IP buan agat.

    Fágann muid uilig lorg soiléir digiteach inár línseoireacht. Níl fíor anaithnideachas ann dáiríre.

    ReplyDelete
  2. Rud atá á fhoghlaim agam, a chara, de réir a chéile!

    ReplyDelete
  3. An íocann tú as an tseirbhís sin?

    ReplyDelete
  4. Tá sé saor in aisce.

    Féach http://www.statcounter.com

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.