Thursday, December 3, 2009

Ceart, Cóir agus Comharsanacht

Bhuel, agus ní chuireann sé seo iontas ar bith orm, bhí Gerry Willie Ó Fátharta ar ais arís ar Iris Aniar, ar Raidio na Gaeltachta, ar maidin, lena scéal, go dáta, a roinnt linn.

Is léir go raibh an-suim ag na héisteoirí sa mhéid a bhí le rá ag Gerry, ach an oiread liom féin.

Coinnígí súil anseo, agus chomh luath agus a bheidh clár na maidine seo ann, Déardaoin, 03 Nollaig, 2009, le Gerry Ó Fátharta, éistigí leis, a léitheoirí, mar is fiú go mór an chuid eile den scéal uaidh a chloisteáil.

Chuir Eibhlín, an láithreoir, ceist air, ag deireadh an chláir ‘Céard é an rud is tábhachtaí?’

D’fhreagair Gerry, ‘Ceart, cóir, agus comharsanacht – agus a bheith go deas le daoine.’

Go mba hé daoibh, a chairde!
.

1 comment:

  1. Nach breá an ráiteas sin ó bhéal Gherry. Tá dol an traidisiúin air. Gura maith agat as é a roinnt linn!

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.