Wednesday, October 14, 2009

Rotha Mór an Bhaoil

John O’Donoghue sna páipéir arís. Meas tú cén fáth?

Dar leis féin ‘I am not guilty of any corruption. I never took money or abused my office for my own enrichment.’ Ní cuimhin liom gur cuireadh a leithéid ina leith, caithfidh mé a rá, ach tuigim go maith cén tuiscint atá ag go leor den ghnáthmhuinitir ar na focail ‘corruption’ agus ‘enrichment’ sa chás seo, ach ní dóigh liom go dtuigeann John é féin é sin.

Chomh luath agus a dúirt sé ‘the failure to give me a chance to defend myself’, bhí mo thrua, cibé di a bhí fágtha agam dó agus é faoi shíorbhrú na meán agus na polaitíochta, bhí an trua sin imithe ar shlí na fírinne, ar chloisteáil na focail sin uaidh. Bhí neart seansanna aige. Níor labhair sé. É féin a tharraing an brú air féin, feictear dom.

Cén fáth nár thug sé faoi deara, nár thuig sé, go raibh botúin déanta aige, agus ag neart eile nach é, i gcultúr a lig i ndearmad go raibh airgead na gnáthmhuintire faoina gcúram? Ligeadh i ndearmad, feictear dom, go raibh an t-airgead sin ann, ciste an rialtais, le leas a bhaint as ar mhaithe le muintir na tíre, ní ar mhaithe le póca aon státseirbhíseach; ná ar mhaithe le ciste aon chomhlacht a fuair íocaíocht thar fóir as seirbhísí a chuir siad ar fáil, seirbhísí a d’fhéadfaí a fháil níos saoire áit éigin eile, cheapfá.

Más rud go bhfuil státseirbhísigh ann a cheadaigh agus a d’aontaigh an caiteachas millteanach seo, státseirbhísigh nach ndeachaigh ar thóir an ‘best deal’ ó na comhlachtaí éagsúla ar mhaithe le ciste an rialtais, cén fáth nach bhfuil na daoine seo ag éirí as a bpoist freisin?

Cén duine a shocraigh ar na comhlachtaí sin a fhostú? Cé a shocraigh na liúntais uile do na polaiteoirí? Cé, go díreach, atá i gceannas ar na cinntí sin? An bhfuil baol ar bith go dtabharfaidh siadsan, ná aon pholaiteoir a bhain leas, thar fóir, as aon liúntas a fuair siad, an t-airgead sin ar ais do chiste an rialtais?

Faraor, is dóigh liom gur beag an baol.
.

2 comments:

  1. Is é an náire is mó faoi scéal John O`Donoghue ná go gceapann sé nár dhein sé aon rud as cosán.Tá na h-Áiri Rialtais agus na stáitseirbhisigh sinsearacha a thug a mbeannacht do na liúntais ollmhóra seo ag maireachtain i mbolgán i gcodarsnacht leis an choismuintir atá ag streachailt ar pá íseal má tá post acu nó níos measa ag braith at liúntais sóisialta taréis a bpost a chailliúint.Níl mé ag tnúth go n-iocfaidh sé an t-airgead ar ais.Ar déireadh cosúil le Michael Lowry agus Beverly Flynn toghfar arís é ag Muintir Chiarraí Theas.Is e seo an stáit ina bhfuil an bpolataíocht anois.Tá ghearghá le páirtí nua a thogáil a bheadh ionraic le muintir na hÉireann, a bheadh fís acu don tír mar gheall ar cúrsaí eachnamaíochta agus cúlturtha agus a bheadh fadradharcach.Dá ndéanfaí é sin nách mbeadh sé ina fheartlaoi mhaith do chomóradh chéad bhliain Éirí amach na Cásca i 2016 agus chruthú gur fhoghlaim muintir na hÉireann ceacht maith ó Ré an Tíogar Cheiltigh agus a iarsmaí.Níl mé ro -dhocasach ar an drochuair.

    ReplyDelete
  2. Suimiúil gur luaigh tú Beverly. Chuala mé, ar an raidió, gurb ise an t-aon duine a sheas le bualadh bos a thabhairt do John O, nuair a chríochnaigh sé an oráid mhór uaibhreach sin uaidh sa Dáil.

    Aithnionn cíaróg ciaróg eile, is dócha...

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.