Saturday, September 19, 2009

Keith, Ken agus Paddy Barry

Éistigí, le bhur dtoil, a léitheoirí, má bhíonn deis agaibh, leis na comhráite sin a bhí ar chlár Marion Finucane ar maidin inniu, Dé Sathairn, an 19 Meán Fómhair, 2009, rud beag roimh mheán lae, agus a chríochnaigh ag meán lae.

Tá sí i gcomhrá le Ken, athair le Keith Barry, garmhac le Paddy Barry, an seanfhear bocht sin, 82, a fágadh gan aithne gan urlabhra ina theach féin i bPort Láirge oíche Dé Céadaoin, tar éis an ionsaithe uafásaigh sin a rinneadh air.

Éist le Ken, agus lena mhac, Keith, a bhí ag labhairt le Marion díreach roimhe, agus má bhíonn fonn ort, éist leis na focail ‘cearta’ a thagann ó Dermot Ahern, ár Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais, agus, ahem, Athchóirithe Dlí, agus é i gcomhrá le Marion ina dhiaidh sin, na ‘focail chearta’ sin uaidh ag tarlú mar thoradh ar chomhrá Keith le Marion; comhrá Ken ag tarlú mar thoradh ar chomhrá Dermot Ahern le Marion.

Go sábhála Cé sin, a léitheoirí, ach céard atá i ndán don tír seo ar chor ar bith! Agus, céard sa sioc a dhéanfar le haire a thabhairt mar is ceart agus mar is cóir, agus mar atá tuillte acu uile, dár bpinsinéirí bochta leochaileacha éislinneacha eaglacha?
.

6 comments:

  1. Cúpla bhliain ó thoin dúnmharaíodh bean as Cill Dára agus duirt a fear chéile agus é ar tí dul ar imirce go dtí an Chipir "ní bheidh aon rathúnas ar bhfúr Tíogar Cheilteach muna bhfuilimíd abalta codladh go sámh in ár leapacha".Tá an tuar tagtha ar a thairngreacht.

    ReplyDelete
  2. Sin í an cheist. Cad is féidir a dhéanamh? Conas is féidir linn stop a chuir le brúideanna mar sin? Fear a rinne gach rud i gceart, a bhí cúrámach a dhoirse a chuir faoi ghlas, a raibh alarm aige? Cad eile is féidir a dhéanamh?

    ReplyDelete
  3. Is uafásach gach tromghníomh foréigin ach nuair a dhéantar ionsaí ar dhuine gan chosaint amhail páiste nó seanduine níl leithscéal dá laghad ag déantóir na coire sin. Níor chóir nach mbeadh i ndán dóibh siúd, dar liomsa, ach buanphost i gcaréal éigin - faoi ghlas.

    ReplyDelete
  4. Gan dabht, a fheara, ní fúinne é an fhadbh a chur ina ceart, ach faoin Aire. Caithfear na dlíthe, agus na pionóis chuí, a chur i bhfeidhm, anois díreach.

    Más faoi ghlas a chuirtear na coirpigh, agus i mo thuairim is faoi ghlas a cheart dóibh a bheith, fágtar ann iad ar feadh thréimhse iomlán na breithe, tréimhse fada go leor nach mbeidh fonn orthu a leithéid a dhéanamh arís.

    Ach, an fiú a dhath ár dtuairimí sa lá atá inniu ann...

    ReplyDelete
  5. Sí an cheist ná a bhfeidhmíonn príosún chun daoine a stopadh ó droch gníomhartha?

    Caithfidh mé a rá go bhfuil amhras ag teacht orm faoi sin.

    Ní dóigh liom gur féidir leis an Stát na heaspaí sa chomhluadar, a fhágann é indéanta ag fir óg fear 82 bliain d'aois a bhualadh go béal an bháis, a líonadh.

    Tá teaghlaigh ag na fir seo! Cad a rinne siad siúd? Tá comharsan acu. Cad a rinne siad siúd? Conas ná bhfuil na fir seo i lámha na nGardaí? An amhlaidh gur fhág an gníomh a laghad sin tionchar orthu nár thug aoinne faoi ndeara orthu é?

    Sin mo racht go n-uige seo!

    ReplyDelete
  6. Luaigh mé iad a choinneáil faoi ghlas, a Aonghuis, mar go gcoinneodh a leithéid de phriosúnú na seandaoine sábháilte ó athbhualadh ó na coirpigh - agus is go minic iad na coirpigh chéanna ag teacht ar ais arís is arís eile.

    Ar ndóigh, níl leigheas an scéil le fáil sa chóras príosúnachta atá ann sa lá atá inniu ann ach, idir an dá linn, agus muid de shíor ag fanacht le leigheas éigin ón rialtas, is gá rud éigin a dhéanamh le go mbeidh an pobal sábháilte óna leithéid a tharla do Paddy Barry.

    Tuigim, agus roinnim, do racht, a chara.

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.