Thursday, September 3, 2009

Cara de dhíth!

Mar is eol daoibh, táim ag foghlaim liom. Chuile lá, agus mé ag plé leis an idirlíon ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, táim ag dul i dtaithí ar shuíomhanna úra an idirlín, rudaí nach raibh trácht ar chor ar bith orthu agus mise ag tógáil mo pháistí, cosúil le Twitter, Bebo, Facebook agus a leithéidí.

Nuair a thosaigh mé ar an mblagáil seo, bhí orm eolas a fháil ó Leabhar na nAmadán agus na nÓinseach le tuiscint a fháil ar an gcraic seo. D’éirigh liom tús a chur le mo bhlag, mar is léir ón bhfianaise os do chomhair, a léitheoir, agus bainim sult as, caithfidh mé a rá. Gurab amhlaidh duit!

Maidir le Bebo agus Twitter, chuaigh mé ag plé leo sin freisin, ar mhaithe le taithí a fháil orthu. Ní féidir liom gan a bheith ag útamáil, an dtuigeann sibh. Cibé scéal é, ní raibh a dhath iontu a choinnigh mo chuid spéise seachránaí ag dul, agus ní bhacaim leo, cé go bhfuil mé cláraithe, creid é nó ná creid. Fuair mé amach, i ndiaidh gach ní, nach gá bheith eolach ar rocket science le do bhealach a dhéanamh timpeall ar na suíomhanna sin. An méid sin foghlamtha agam, d’fhág mé slán acu arís.

Cé go bhfuil go leor daoine ar m’aithne ag plé le Facebook, níor bhac mé leis riamh, go dtí inniu. Sí An Bhean Neamhspleách atá ciontach. Chuir sí an nasc seo chugam, nasc a bhaineann leis na Oilimpeacha Speisialta in Éirinn, agus d’iarr sí orm clárú leo mar ‘cara’ ar an suíomh atá acu ar Facebook anois. "Fadhb ar bith" arsa Áine léi féin. Isteach liom ar Facebook agus táim cláraithe anois, agus Special Olympics Ireland mar chara agam ann.

Isteach leat anseo anois, a léitheoir, agus cláraigh mar chara leis na Oilimpeacha Speisialta, mura miste leat. Ba mhaith leo cairde a fháil, agus ba dheas an rud dá bhfaigheadh.

Tá físeán ann, próifíl an lúthchleasaí, Oliver Doherty, as Inis Eoghain, agus táim chun iarracht a dhéanamh é a íoslódáil anseo daoibh. Má éiríonn le mo chuid útamála, beidh sibh in ann é a fheiceáil ag bun an ailt seo. Mura n-éiríonn, tá sé le fáil ar an suíomh. B’fhiú duit éisteacht leis, má bhíonn deis agat. Scéal álainn.

Tá obair iontach ar bun ag na daoine uile atá ag obair leis na Oilimpeacha Speisialta. Nár dheas do thacaíocht a thaispeáint dóibh inniu, agus an nuacht uatha a scaipeadh, trí chlárú leo mar chara. Maith thú, a chara!
.

7 comments:

  1. Facebook!? I bhfad uainn an drochrud! Chuala mé le déanaí go bhfuil sé ag dul as faiseanta agus go bhfuil a lán daoine a bhí ann ag éirí as. Ó nach raibh mé ann riamh, ní thig liom an faisean sin a leanúint.

    ReplyDelete
  2. Ní ar Facebook atáim ag iarraidh aird a tharraingt, a chara, ach ar na Special Olympics Ireland...:-)

    ReplyDelete
  3. Sea, ach - cén mhaith an chairdeas seo dóibh? Feictear dom gur cairdeas gan chostas atá ann, a thugann mothúchán deas teolaí don g"cara", ach cén buntáiste atá ann don dea obair atá ar bun acu?

    (Táimse féin meaite ar fanacht glan ar Ghnúisleabhar de bharr go gcaithim an iomarca ama ar líne mar atá!)

    ReplyDelete
  4. Cheapainn go dtabharfadh sé daoine isteach ar shuíomh Special Olympics Ireland, a Aonghuis, agus go mbeadh sin in ann léamh faoin dea-obair atá ar bun acu ansin.

    Cá bhfios dúinn nach mbeadh duine nó dhó, a léifeadh mo bhlag, ag iarraidh a bheith páirteach san dea-obair sin?

    Gréasán eolais ag feidhmiú, a chara, agus áthas ormsa bheith mar chuid den ghréasán eolais a thugann an dea-scéal chun solais freisin...:-)

    ReplyDelete
  5. Is dócha é.
    Ach is dóigh liom go bhfuil sórt boilsciú cairdeas ar bun ar leithéidí Gnúisleabhar.

    Bíonn an oiread san éileamh ar dhaoine bheith ina gcairde/ achainí a shíniú agus rl.

    ReplyDelete
  6. Éist, a fheara! Ar thug sibh faoi deara m'éacht? Mo chéad físeán íoslódáilte agam ar mo bhlag! Wooohoooooo

    Céim eile ar Bhóthar na Blágála do Mhise Áine!

    Tá dea-scéal ann 'is tá dea-scéal ann...

    ReplyDelete
  7. Thug, gan amhras, cé nár fhéach mé air fós (in ainm is a bheith ag obair!)

    Treise leat!

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.