Tuesday, September 15, 2009

Ar ais arís

Táim ar ais sa bhaile ó aréir, gan mórán le léamh ná le cloisteáil agam ar maidin ach drochscéalta, arís is arís eile.

Tá ‘political adviser’ ag John O’Donoghue, más fíor an méid a léim, cé, dar leis, gur post ‘non-political’ atá aige mar Cheann Comhairle. Suimiúil.

Bhí mé ag éisteacht le Gerry Ryan ar maidin, ríomhphost a scríobh máthair Shane Clancy faoina mac á léamh amach aige. Is é an smaoineamh a rith liom ná ‘an bhean bhocht sin’. Anois, tá a fhios agam go rómhaith gurbh uafásach an rud a rinne Shane, le Sebastian Creane curtha ón saol aige, Dylan Creane agus Jennifer Hannigan gonta go brách aige, gan trácht ar na daoine muinteartha leo uile a bheas ag fulaingt go lá a mbáis féin. Ach, tá an bhean bhocht sin ag fulaingt, a mac féin caillte aici, lámh curtha aige ina bhás féin freisin, agus ní maith liom a trioblóid.

Maidir le Darren Sutherland, níl focail ag aon duine againn a chuirfeadh ciall ná réasún isteach sa scéal sin, mar níl a fhios ag aon duine céard a tharla, ach ceaptar gur chuir sé lámh ina bhás féin, an fear bocht. Más amhlaidh an scéal, is aigesean amháin atá freagra na ceiste ‘cén fáth?’. Ní freagra é a chloisfear uaidh, faraor, agus is lena mhuintir agus lena chairde atá mo thrua inniu.

Níl sé éasca a bheith dearfach agus na scéalta sin romham ar maidin, fiú agus laethanta agus radhairc áille na Spáinne, an comhrá agus an chraic a bhí agam ansin fós úr i mo smaointe. Mar sin féin, tá áthas orm go bhfuilim ar ais in Éirinn arís. Más rud go gcaithfear dul i ngleic le drochscéalta, go háirithe agus iad chomh rialta agus atá siad na laethanta seo, is anseo sa bhaile atá mo shuaimhneas agus mo dhiongbháilteacht ag fanacht liom i gcónaí.

Dán beag daoibh, a léitheoirí, ceann a scríobh mé roinnt blianta ó shin, agus dán a rith liom agus mé amuigh ag siúl ar maidin.

Féinbhás

Nuair a d’imigh tú, ar fhág tú slán?
Ní cuimhin liom go baileach,
Nó an raibh an slán sna focla sin
A choinnigh tú i bhfolach?

Raibh comhartha ann nach bhfaca mé
Ceann ceilte ‘gus faoi rún?
Nó an raibh sé os mo chomhair amach
Ag béiceach orm go ciúin?

An é nach bhfaca mise thú
Ag iompar ualach marfach?
An raibh mo shúile dúnta a’m
Ar do dhuairceas, ar do chráiteacht?

Cén smaoineamh a bhí i do chloigeann bocht
Nuair a thosaigh tú ag imeacht
Raibh aiféala ort, nó raibh solas romhat
Ag lasadh bealach lonrach?

Bhfuil tú sona suaimhneach ‘nois a stór?
Bhfuil sólás i mbeatha mhúchta?
Ná bíodh tú mar atáim anois
Brónach, briste, brúite.

www.aware.ie
.

10 comments:

  1. Fáilte ar ais, a Áine. Is trua gur drochscéalta uilig a bhí romhat ar theacht chun an bhaile duit.
    Bhí Samhradh na nÉan againn le seachtain, ach bhris an aimsir arís inniu. Is dócha go bhfuil brón ort nár fhan tú sa Spáinn!!

    ReplyDelete
  2. M'anam, go bhfuil áthas orm go bhfuilim ar ais,a chara! Is maith liom mo thírín beag, fiú agus í rud beag bun os cionn i láthair na huaire.

    Bhí am iontach agam sa Spáinn, agus áthas orm go ndeachaigh mé ann. Beidh mé ag scríobh faoi ar an mblag ar ball beag.

    Tá cás eile ag fanacht le m'aire anois, é fós lán le héadaí na saoire!

    ReplyDelete
  3. Dán deas,sólás do na daoine atá ag caoineadh daoine muinteartha leo.Fáilte ar áis.Tá mé ag tnúth le cluiche maith ar Domhnach chun ardú meanman a thabhairt duinn.

    ReplyDelete
  4. Tá taithí pearsanta agam leis na mothúcháin atá le plé sa dán cumhachtach seo (maireann an duine úd fós, buíochas le Dia). Go raibh maith agat a Áine.

    ReplyDelete
  5. Táimid go léir buartha faoin scéal tubaisteach sin agus faoi mar is féidir taom éadóchais - má b'é mar a bhí sé - a bheith chomh gruama sin...

    Ach bíodh an saol mar atá sé agus bíodh gur cheart agus gur chóir dúinn comhbhrón a bheith againn le gach duine atá faoi chuing na h-anachaine ní féidir linn gach scéal a réiteach.

    D'ainneoin na ndrochscéalta siúd tá súil agam go raibh sár-am sa Spáinn agat agus gur bhain tú an-taitneamh as.

    ReplyDelete
  6. Dán an-deas, ach amháin na botúin ghramadaí, mo léan... An TG tar éis ag + B (faoi dhó). Agus chun sin a dheisiú, chuirfí isteach ar an rím...

    ReplyDelete
  7. Mo leithscéal!

    http://en.wikipedia.org/wiki/Artistic_license

    ReplyDelete
  8. http://toadhollowstudio.com/images/artistic-license-sm.jpg

    Is iomaí rud a scríobh mé d'aon ghnó mar sin, freisin, a chara!

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.