Sunday, August 30, 2009

Nathanna Cainte

Dream eile de chuairteoirí díreach ar shiúl, agus mise anois ag déanamh iarrachta na blaganna eile uile a léamh, ar fhaitíos gur tharla a dhath i ngan fhios dom agus mé ag tabhairt aire do mo ghnóthaí féin.

Is diabhlaí an rud é, a léitheoirí, ach d’airigh mé uaim bhur gcuideachta. Nó, an é gur airigh mé uaim mo chuideachta féin? Deacair a rá. Táim rud beag tuirseach anois, an dtuigeann sibh, agus táim ag rámhaille lena dhá oiread éascaíochta, agus le leath na céille agus a bhíonn sa rámhaille rialta uaim go hiondúil.

An bhfuil rialtacht ar bith i rámhaille, meas tú? Nó an bhfuil a leithéid de rud ann agus rámhaille atá iondúil? An bhfuil sé iondúil an rud rialta a dhéanamh? Is iondúil liom scríobh go rialta ar an mblag seo. Go hiondúil, sin mar a tharlaíonn, ach ní le rialtacht a tharlaíonn sé.

Ní raibh iondúlacht ar bith ag baint leis an tseachtain seo a chuaigh thart, mar shampla, cé nach raibh mírialtacht dá laghad ag baint léi ach an oiread. Ceapaim. Cé nach raibh riail agam ar m’am, níor briseadh aon riail agus mé ag iarraidh mo theaghlach a rialú le rud beag rialtachta, in ainneoin agus in easpa na hiondúlachta.

Is annamh an rud iondúil rialta i gCeann Scríbe, ach an rud is annamh is iontach, go hiondúil.
.

2 comments:

  1. Déarfainn go mba chóir barraíocht na rialtachta a sheachaint mar is é atá ann ná an rámhaille is measa ;)

    ReplyDelete
  2. M'anam, b'fhéidir gur fíor duit, a chara!

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.