Saturday, July 25, 2009

Preab agus Geit ag teacht Aniar Aduaidh Orm

Baintear preab asam ó am go chéile. Ní hé go bhfuil córas mo néaróga rud beag as ord, cé go bhfuil daoine ann a cheapann go bhfuil, is dócha, ach tagann rudaí aniar aduaidh orm in amanna, nó baineann siad geit asam. Tarlaíonn a leithéid nuair nach mbíonn duine ag súil le rud, an dtuigeann sibh. Ach ní hionann iad, an phreab, an gheit agus an aniar aduaidh sin.

Mar shampla, bhain Con geit asam inné. Siúd liom isteach chuig iGaeilge, ag tabhairt aire do mo ghnóthaí féin, agus ag iarraidh aire a thabhairt do ghnóthaí daoine eile, nuair a baineadh preab asam. Bhí íomhá nua thuas ar a bhlag ag Con, agus tháinig sí aniar aduaidh orm. Bhain sé preab asam. San áit a mbíodh pictiúr beag bídeach dó féin thuas aige roimhe, bhí aghaidh bhreá mhór shoiléir ag breathnú amach orm. Shílfeá gur baineadh rud beag de gheit as Con é féin, mar a bheadh iontas air gur tháinig mé ar cuairt chuige ar chor ar bith.

Ar ndóigh, tagann rudaí aniar aduaidh orainn uile, ó am go chéile. Nuair a bhásaigh Michael Jackson, mar shampla, tháinig an scéal sin aniar aduaidh orm, ach níor bhain sé preab ná geit asam. Ní raibh mé ag súil lena bhás ach, mar sin féin, níor stop mé de phreab nuair a chuala mé é, cé gur stop mé, ach ní de gheit a rinne mé é sin. Bhí mé ag scuabadh an urláir ag an am, tháinig an scéal ar an teilifís, agus stop mé go gcloisfinn é. Ní raibh preab ar bith i gceist, agus níor baineadh geit asam. Bhí ord ar mo néaróga.

Ach, bhí mé ar an leaba le tinneas ní ba dheireanaí sa tseachtain, ag breathnú ar an teilifís, an cheolchoirm chuimhneacháin a chuir clann Mhicheal Jackson le chéile sa Staples Centre á craoladh beo ag an am. Bhí mé ag tabhairt leathchluas d’óráid Berry Gordy, bunaitheoir Motown Records, nuair a baineadh geit asam. ‘Michael was constantly trying to top himself.’ a chuala mise, agus beag nár thit mé as mo sheasamh, ach níor thit mar go raibh mé i mo luí ag an am, an dtuigeann sibh.

An é go raibh Berry Gordy ag insint dúinn go raibh sé de nós ag MJ iarrachtaí rialta a dhéanamh lámh a chur ina bhás féin, agus an é go raibh Berry á rá seo os comhair an domhain mhóir!? Tháinig an scéal sin aniar aduaidh orm. Beag nár léim mé de phreab as an leaba, go roinnfinn an scéal leis an nGarraíodóir. Chuir tinneas stop leis an bpreab sin.

Ach, ar ndóigh, ní hé sin a dúirt Berry ar chor ar bith. Bhí mé tinn, an dtuigeann sibh. Is é an rud a dúirt sé ‘Michael was driven by his hunger to learn, to constantly top himself, to be the best’. Níor chuala mo chluasa ach leath an scéil, rud a tharlaíonn nuair nach bhfuil duine ach ag tabhairt éisteacht leathchluaise le rud, agus iad tinn leis.

Aiféala orm, a léitheoirí, más rud gur bhain mé geit asaibh leis an scéal míchruinn sin a thabhairt aniar aduaidh oraibh. Preab libh anois!
.

6 comments:

  1. Sea, chonaic mé an pictiúr dé Choncubhair agus cé nár bhain se preab asam mothaionn tú beagnach go bhfuil se i lathair agus gur féidir leat caint leis.Tá feachtas ar bhun ag Concubhair, dár lena alt san Nuacht 24, chun meachain a chailliúint.N'fheadar an bhfuil aon bhaint ag an pictiúr an - realaíoch seo agus an feachtas.Tá sé deachair meachain a chailliuint am ar bith agus tá súil agam go n-éoreoidh leis.Bainim an-sult as a mblag agus buíochas mhór tuilte aige dá mbarr.

    ReplyDelete
  2. Táim féin ar 'diet' i láthair na huaire. Beidh mé ag scríobh rud beag faoi ar ball beag.

    Chonaic mé an t-alt sin ó Chon 'Ar an tslí ó throm go héadrom' agus chuir mé nóta tacaíochta chuige. Súil agam go bhfuil ag éirí go geal éadrom leis!

    Taitníonn an grianghraf nua uaidh liom, ar fhaitíos aon mhíthuiscint ar an ábhar sin, a léitheoirí.

    Ní bhím ach ag spraoi le focal, an dtuigeann sibh...:-)

    ReplyDelete
  3. Is é an chaoi nach ndeirtear "top yourself" leis an gciall "lámh a chur i do bhás féin, tú féin a mharú" abhus anseo i Meiriceá. Níor chuala mise riamh é, ar aon nós. Agus ní raibh ach ciall amháin le "can I give you a ride" sna bólaí seo go dtí le fíordhéanaí. Ní bhíodh i gceist ach síob. ;-)

    ReplyDelete
  4. Féach idiom uimhir 48 ar http://dictionary.reference.com/browse/top.

    Maidir le 'ride', tá sé sin coitianta i ngach áit anois, thall agus abhuas...:)

    ReplyDelete
  5. Tá go leor ábhair mhíthuisceana ann idir thall is abhus. Agus mé mar fhostaí i "gcuideachta mhór" Mheiriceánach sna hochtaidí do chuir sé ionadh orm an chéad uair a "d'admhaigh" an saoiste go raibh mearbhall air de thoradh alcóil. (Y'know folks, I'm really pissed!)

    ReplyDelete
  6. M'anam, a Ormondo, táim den tuairim go bhfuil go leor daoine leis an mearbhall céanna orthu sa tír seo i láthair na huaire...:-)

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.