Tuesday, July 21, 2009

Gathanna Grá

Tá cuairteoirí agam i láthair na huaire, agus is leosan m’am go ceann lá nó dhó.

Tá coinnle lasta agam ar fud an tí anocht. Níl baint aige le creideamh ná a dhath mar sin. Níl ann ach go bhfuil deirfiúr liom ag dul faoi scian i Meiriceá, timpeall an ama seo, agus tá na coinnle ann le solas mo dhearfachta a chur chuici. Deacair é sin a mhíniú don té nach dtuigeann a leithéid. Aiféala orm faoi sin, a léitheoirí.

Tuigeann mo dheirfiúr é, agus is uirthi atá na gathanna grá dírithe.
.

4 comments:

  1. Nach deas an smaoineamh sin. Tá súil agam go mbeidh sí ar ais ar a seanléim gan mhoill.

    ReplyDelete
  2. Bionn mo bhean chéile de dhior ag lasadh caoinnle do dhaoine breoite, daltaí ag dul faoi scrusúithe agua araile.Is daes an nós é.Tá suil agam go mbeidh biseach ar do dheirfiúr gan mhoill.

    ReplyDelete
  3. Biseach luath uirthi, agus sólás mar thoradh do sholais!

    ReplyDelete
  4. Go raibh maith agaibh. Tá cath roimpi, ach tá sí láidir. :-)

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.