Wednesday, July 1, 2009

Fionnachtain

Táim ag cur slachta ar m’oifig i láthair na huaire, ag dul trí cháipéisí, litreacha, leabhair srl. Tá go leor ag dul isteach sa bhruscar, ach tá go leor ag tabhairt cuimhní cinn isteach i mo chomhluadar freisin.

Tháinig mé ar chomhad ní ba luaithe agus fuair mé píosa páipéir istigh ann; focail scríofa ar an bpáipéar ag cara liom, blianta fada ó shin. Mhol sí dom, nuair a thug sí dom iad, aird saoil a thabhairt ar na focail a scríobh sí. Ní raibh ainm an údair leis, agus rinne mé googláil ar na focail inniu le fáil amach cé as ar tháinig siad, seachas ó mo chara, an dtuigeann sibh.

Ní haon ionadh, muise, tá siad curtha i leith an Bhúda féin ar an suíomh idirlíon seo, suíomh nach bhfaca mé riamh ach beidh mé ag dul ar ais chuige, mar is cosúil go bhfuil cúpla rud suimiúil air ar fiú súil a chaitheamh orthu, i mo thuairim. Ach sin mise. Is maith liom a bheith ag útamáil liom.

Ó tharla nach as Gaeilge a tugadh dom iad, agus ó tharla nach raibh Gaeilge ag an mBúda, cheapfainn, nó b’fhéidir go raibh mar bhí an fear sin iontach cliste, chuala mé, seo chugaibh na focail sin as Béarla, ar fhaitíos go mbeadh suim agaibh ina leithéid, agus ó tharla go bhfuil fonn orm iad a roinnt libh.

Do not believe on the strength of traditions even if they have been held in honour for many generations and in many places ; do not believe anything because many people speak of it ; do not believe on the strength of sages of old times ; do not believe that which you have yourself imagined, thinking that a god has inspired you. Believe nothing which depends only on the authority of your masters or of priests. After investigation, believe that which you have yourselves tested and found reasonable, and which is for your good, and that of others.”

Anois, meas tú cén comhtharlú nó tráthúlacht a thug na focail sin chugam inniu, agus cén teachtaireacht atá ann domsa, nó daoibhse fiu! Samhlaígí ceol taibhsiúil sa chúlra…
.

2 comments:

  1. Is ón "Kalama Sutta" a tháinig na focail seo, a Áine, téacs a scríobhadh i bPali ar dtús. Tugtar "The Buddha's Charter of Free Inquiry" air go minic i mBéarla. Tig leat aistriúcháin den sutta iomlán a fháil ar an ngréasán gan dua. Tá an téacs Pali agam anseo áit éigin. Smaoinigh ar Ghaeilge a chur air uair amháin, mar is maith liom an téacs sin freisin, ach ní dhearna.

    ReplyDelete
  2. Go raibh maith agat as an eolas sin a roinnt liom, a Dennis.

    Is maith liom é nuair a thagann focail mar iad isteach i mo shaol ó am go chéile. Bím ag cur slachta ar mo smaointe go minic freisin, agus cuireann a leithéidí le mo mhachnamh.

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.