Friday, July 24, 2009

Amhras agus Daonlathas

Bíonn drogall orm, in amanna, mo smaointe agus mo chuid tuairimí a chur ar phár. Ní hé go mbím amhrasach faoi na smaointe iad féin, ach bíonn amhras orm go bhféadfadh mo thuairimí cuir as do dhaoine eile, nó go ngoillfeadh siad orthu ar aon bhealach. Creidim go bhfuil sé de cheart agam mo smaointe a roinnt, más é sin mo thoil, ach ní chreidim go bhfuil sé de cheart agam aon duine a ghortú, cé nach é sin a bheadh i gceist agam a dhéanamh dá ndéanfainn é, má thuigeann sibh libh mé, a léitheoirí.

Go deimhin, tá daoine ann nach roinneann an cineál drogaill sin liom, daoine nach miste leo a mbriathra a scríobh, nó a labhairt, agus iad ar nós cuma liom faoin gcaoi a rachaidh sé i bhfeidhm ar an léitheoir, nó ar an éisteoir. Nílim a rá go ndéanann siad a leithéid d’aon turas, cé go minic a dhéanann, ach ní chuireann goilliúnacht daoine eile isteach ná amach orthu, cheapfá. Tá a dtuairimí acu, agus ní miste leo iad a roinnt, fiú agus fios acu go bhféadfadh na tuairimí sin raic a thógáil, nó anáil a bhaint de dhuine. Is leosan na smaointe sin, creideann siad iontu, agus tá siad in ann iad a labhairt amach, nó a chur ar phár, gan amhras, gan athsmaoineamh. Is suarach le rá iad na daoine goilliúnacha, shílfeá.

A bhuíochas don daonlathas, tá an ceart againn ár rogha rud a rá nó a scríobh, a fhad is nach bhfuilimid ag briseadh aon dlí, is dócha. Tá próiseas daonlathach sa tír seo, agus tá dlíthe i bhfeidhm dá réir sin. Ná bíodh lá amhrais oraibh faoin bpróiseas daonlathach sin, a léitheoirí, fiú má tá sibh in amhras faoi chuid de na dlíthe ársa amhrasacha. Tá siad ann, mar is eol dúinn uile.

Thar na blianta, tá sé tugtha faoi deara agam go bhfuil smaointe agus tuairimí agamsa nach dtiteann isteach, beag ná mór, le smaointe agus tuairimí go leor daoine eile. Agus tá sé sin ceart go leor. Ní hionann muid uile. Ní hionann ár ngéinte, ní hionann ár n-oiliúint, agus ní hionann ár ndearcadh ar an saol dá bhrí sin. Gan amhras, d’fhéadfadh duine géinte agus oiliúint a roinnt, i gcás clainne mar shampla, gan dearcadh a roinnt. Agus tá sé sin ceart go leor freisin. Níor roghnaíomar ár ngéinte agus, dá bhrí sin, níor roghnaíomar ár ngaolta. Ní féidir ceachtar acu a shéanadh, ach ní hé sin le rá nach féidir dearcadh a shéanadh, mura miste linn an dearcadh sin. Daonlathas ag feidhmiú arís. Níl aon amhras orm faoi sin.

Nílim ag caitheamh amhrais ar na meáin amháin san alt seo, cé go bhfeicim peaca an amhrais ina n-ailt go mion minic, ach táim ag labhairt orainn uile, an tsochaí dhaonlathach. Tá amhras orm, in amanna, go bhfuil daoine maithe amuigh ansin nach bhfuil ag baint úsáide mar is ceart as an tsaoirse a thugann an daonlathas dúinn. Fanann siad ina dtost, nó ina suí ag an gclaí.. Ní deir siad a dhath, fiú nuair a léann siad, nó nuair a chloiseann siad, nó nuair a fheiceann siad rudaí nach n-aontódh siad leo go brách, agus nach bhfuil ceart, go morálta ná de réir dlí. Ní bhacann siad le nithe taobh amuigh dá dtairseach féin. Mura mbaineann rud leo, ní bhaineann siad leis.

Agus tá sé ag tarlú ar feadh na gcianta. Tá daoine ann atá cainteach confach, agus tá daoine ann atá tostach tim. Cén glór a chloistear den chuid is mó? Sea. Ach meas tú cén fáth a dtarlaíonn sé sin, a léitheoir? An é go bhfuil faitíos orthu labhairt amach? Bhfuil an peann borb, an briathar borb, an duine borb níos láidre ná an peann cineálta, an briathar cineálta, an duine cineálta?

Mar a dúirt an t-íobartach ar chlár teilifíse Mhiriam O’Callaghan roinnt seachtainí ó shin, agus é ag labhairt ar an am a chaith sé mar pháiste faoi chúram an stáit i gceann de na hinstitiúidí uafásacha sin,

“Where were all the good people?”
.

7 comments:

  1. Bíonn drogall ar daoine deasa labhairt amach.

    Sin an cúis go bhfuil an ballóid rúnda chomh tabhachtach sin!

    Tógann sé an mhisneach tuairim nach gcloistear go minic a fhógairt ó ard - fiú agus fhios ag duine go bhfuil an tuairim sin ós íseal ag an pobal mór.

    Is túisce an duine borb, atá beag beann ar dhaoine eile, a bheith in ann é fhéin a chuir in iúl, ná an duine séimh nach mian leis cuir isteach ar dhaoine eile.

    ReplyDelete
  2. Dála an scéil, táim cinnte go bhfuil tuairimí nochta agamsa, ó am go chéile, go ciotach, ar shlí a d'fheadfadh daoine eile a ghortú.

    Ach ní d'aon ghnó, ach tré teip daonna.

    Baol amháin leis an gcaidreamh ar líne seo - níl aon teacht againn ar na comharthaí neamh fhoclacha sin a thugann foláireamh dúinn go bhfuilimid ag cuir isteach ar dhuine eile.

    Tá súil agam nár dheineas riamh amhlaidh d'aoinne a léann seo - agus gabhaim mo leithscéal má dhein!

    ReplyDelete
  3. Nílim iomlán cinnte go mbaineann sé le séimhe amháin, a Aonghuis. Cé go bhfuil sé fíor go bhfuil a leithéidí ann agus daoine séimhe, tá daoine ann nach labhraíonn amach mar go ndéanann siad an rogha sin d’aon turas, cibé fáth a bhíonn acu ag an am - faitíos, féinchaomhnú, nó gur cuma leo, b’fhéidir.

    Ní bheadh ballóid rúnda ar fáil agus duine, abair, ag obair áit éigin agus iad ag tabhairt faoi deara go bhfuil rud éigin nach bhfuil ceart ag dul ar aghaidh, mar shampla an bhanaltra sin a thug faoi deara go raibh broinnte ban a bhaint amach in ospidéal i mBaile Átha Cliath, gan gá leis go minic. Is léir, ón méid atá léite agam, go raibh go leor daoine ar an eolas faoi seo, go raibh a fhios acu go raibh sé ait, ach níor labhair aon duine amach, ach amháin an bhanaltra chróga sin.

    Agus níl ansin ach sampla amháin ón tír seo! Ag an am céanna, tá an duine cainteach, an duine sotalach, an duine le cumhacht, an duine le hairgead, an duine gan faitíos, in ann an lámh is fearr a fháil ar an tromlach. Féach ar Hitler, mar shampla. Cá raibh na daoine maithe an t-am sin? Ní fhéadfadh sé go raibh siad uile séimh. Faitíos, féinchaomhnú, suí ar an gclaí?

    Agus céard faoi na bainc agus an droch-chuma atá curtha acu ar an tír? Chaithfeadh sé go raibh daoine ar an eolas faoin gcraic a bhí ag dul ar aghaidh, airgead á bhogadh anseo agus ansiúd le dallamullóg a chur ar chuntasóirí srl., más fíor, ach, fós, níl aon duine ag labhairt amach, feictear dom, gan trácht ar chúiseamh.

    Agus an gá dom an Tuaisceart a lua?

    ReplyDelete
  4. Maidir leis an dara teachtaireacht sin uait, níor thug mé ach cothroime faoi deara riamh ar do bhlag, a chara.

    Ach an oiread liom féin, ní bheadh a leithéid i gceist agat, dá dtarlódh sé, agus is maith atá a fhios agam é.

    ReplyDelete
  5. A MiseÁine, ceist an-shuimiúil arduithe agat faoi cén fath nách labhrann daoine amach.Formhór na ndaoine ní bhionn morán suim acu ar cúrsaí reatha, ní doigh liom gurbh é go bhfuil siad séimh ach gur nós cuma leo.Bíonn siad sáite ina saol féin beag beann ar cúrsaí na tíre.Ní éisteann siad le sainéolaithe ar chursaí airgeadais, níl suim dá laghad acu i scaireanna agus san stocmhargadh.Is mhór an trua é seo mar bhionn ciall ceannaithe ag an ghnáth duine agus cumas iontú deileáil leis na cúrsaí cásta seo dá gcuirfeadh siad aon suim iontú.Is in amanta mar seo mar a tharla le linn Ré an Tiogair Cheiltigh nuair a bhí fócus an ghnáth duine ar rudaí éile a tharlaíonn na truaiplisí gur chúis leis an ghearrchéim eachnamaíochta.Maidir le daoine nách labhrann amach ina saol gairmiúil bionn daoine eirmiúil agus bionn an tost bainte le h-árdú céime agus cúrsaí mar sin.Maidir le Hitler bhí na Gearmanaigh ag bualadh bos faid is a bhí an bhua acu agus na Seapánaigh ar an dtaobh éile den domhan freisean.Bé deireadh an scéal ná go raibh an Ghearmáin scríosta, Nagasaki agus Hiroshima díothaithe.Bhí cheacht le foghlaim againn ó na cúrsaí sinn ach bhí rudaí go maith anseo taréis tréimhse fada ar an ngannchuid agus bhíomar ag bualadh bos cosúil leis na Gearmanaigh, ár bhfócas ar saoire thar lear agus málaí láimhe nó gur thit an eachnamáiocht go tóin poill.Sea a MiseÁine uaireanta bionn sé deachair labhairt amach.

    ReplyDelete
  6. Mise duine de na daoine a fhógraíonn mo thuairimí go neamhbhalbh. Ach thosaigh mé a sin mar fhreagra do ionsaithe a rinneadh (agus a dhéantar) ar mo thírse. Nuair atá rud tábhachtach go leor, nochtann daoine a dtuairimí.
    Ach níl sé éasca cás a dhéanamh. Is minic go gcreideann daoine rud, ach ní féidir leo a mhíniú go beacht cén fáth - tuigeann siad mar cheart é, agus sin a bhfuil. Ní leor sin go minic, agus mar a dúradh thuas, ní bhíonn an t-am ag daoine taighde agus staidéir a dhéanamh ar gach aon rud.

    ReplyDelete
  7. Déanaim iarracht ar mo phointe a roinnt ar dhóigh nach bhfuil neamhbhlabh, ach ní hé sin le rá go bhfuilimse ceart agus tusa mícheart, ná a mhalairt, a chara.

    Chuile dhuine agus a dhóigh féin acu, a Shéamais. Tugann an daonlathas an ceart sin dúinn.

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.