tag:blogger.com,1999:blog-5632585302693539764.post1000304891644631582..comments2023-05-26T12:52:20.089+01:00Comments on Mise Áine: Amhras agus DaonlathasMise Áinehttp://www.blogger.com/profile/07283240661208213059noreply@blogger.comBlogger7125tag:blogger.com,1999:blog-5632585302693539764.post-57005932273406231562009-08-21T20:23:25.465+01:002009-08-21T20:23:25.465+01:00Déanaim iarracht ar mo phointe a roinnt ar dhóigh ...Déanaim iarracht ar mo phointe a roinnt ar dhóigh nach bhfuil neamhbhlabh, ach ní hé sin le rá go bhfuilimse ceart agus tusa mícheart, ná a mhalairt, a chara.

Chuile dhuine agus a dhóigh féin acu, a Shéamais. Tugann an daonlathas an ceart sin dúinn.Mise Áinehttps://www.blogger.com/profile/07283240661208213059noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-5632585302693539764.post-35619687491051042332009-08-14T16:23:39.630+01:002009-08-14T16:23:39.630+01:00Mise duine de na daoine a fhógraíonn mo thuairimí ...Mise duine de na daoine a fhógraíonn mo thuairimí go neamhbhalbh. Ach thosaigh mé a sin mar fhreagra do ionsaithe a rinneadh (agus a dhéantar) ar mo thírse. Nuair atá rud tábhachtach go leor, nochtann daoine a dtuairimí.
Ach níl sé éasca cás a dhéanamh. Is minic go gcreideann daoine rud, ach ní féidir leo a mhíniú go beacht cén fáth - tuigeann siad mar cheart é, agus sin a bhfuil. Ní leor sin go minic, agus mar a dúradh thuas, ní bhíonn an t-am ag daoine taighde agus staidéir a dhéanamh ar gach aon rud.Séamas Poncánhttps://www.blogger.com/profile/17494376208367219789noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-5632585302693539764.post-57629644843307689722009-07-25T14:02:18.867+01:002009-07-25T14:02:18.867+01:00A MiseÁine, ceist an-shuimiúil arduithe agat faoi ...A MiseÁine, ceist an-shuimiúil arduithe agat faoi cén fath nách labhrann daoine amach.Formhór na ndaoine ní bhionn morán suim acu ar cúrsaí reatha, ní doigh liom gurbh é go bhfuil siad séimh ach gur nós cuma leo.Bíonn siad sáite ina saol féin beag beann ar cúrsaí na tíre.Ní éisteann siad le sainéolaithe ar chursaí airgeadais, níl suim dá laghad acu i scaireanna agus san stocmhargadh.Is mhór an trua é seo mar bhionn ciall ceannaithe ag an ghnáth duine agus cumas iontú deileáil leis na cúrsaí cásta seo dá gcuirfeadh siad aon suim iontú.Is in amanta mar seo mar a tharla le linn Ré an Tiogair Cheiltigh nuair a bhí fócus an ghnáth duine ar rudaí éile a tharlaíonn na truaiplisí gur chúis leis an ghearrchéim eachnamaíochta.Maidir le daoine nách labhrann amach ina saol gairmiúil bionn daoine eirmiúil agus bionn an tost bainte le h-árdú céime agus cúrsaí mar sin.Maidir le Hitler bhí na Gearmanaigh ag bualadh bos faid is a bhí an bhua acu agus na Seapánaigh ar an dtaobh éile den domhan freisean.Bé deireadh an scéal ná go raibh an Ghearmáin scríosta, Nagasaki agus Hiroshima díothaithe.Bhí cheacht le foghlaim againn ó na cúrsaí sinn ach bhí rudaí go maith anseo taréis tréimhse fada ar an ngannchuid agus bhíomar ag bualadh bos cosúil leis na Gearmanaigh, ár bhfócas ar saoire thar lear agus málaí láimhe nó gur thit an eachnamáiocht go tóin poill.Sea a MiseÁine uaireanta bionn sé deachair labhairt amach.John M O Donoghuehttps://www.blogger.com/profile/01293306659177189914noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-5632585302693539764.post-32436310604348893922009-07-24T22:09:46.212+01:002009-07-24T22:09:46.212+01:00Maidir leis an dara teachtaireacht sin uait, níor ...Maidir leis an dara teachtaireacht sin uait, níor thug mé ach cothroime faoi deara riamh ar do bhlag, a chara.

Ach an oiread liom féin, ní bheadh a leithéid i gceist agat, dá dtarlódh sé, agus is maith atá a fhios agam é.Mise Áinehttps://www.blogger.com/profile/07283240661208213059noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-5632585302693539764.post-28573525916894634372009-07-24T22:05:31.360+01:002009-07-24T22:05:31.360+01:00Nílim iomlán cinnte go mbaineann sé le séimhe amhá...Nílim iomlán cinnte go mbaineann sé le séimhe amháin, a Aonghuis. Cé go bhfuil sé fíor go bhfuil a leithéidí ann agus daoine séimhe, tá daoine ann nach labhraíonn amach mar go ndéanann siad an rogha sin d’aon turas, cibé fáth a bhíonn acu ag an am - faitíos, féinchaomhnú, nó gur cuma leo, b’fhéidir.

Ní bheadh ballóid rúnda ar fáil agus duine, abair, ag obair áit éigin agus iad ag tabhairt faoi deara go bhfuil rud éigin nach bhfuil ceart ag dul ar aghaidh, mar shampla an bhanaltra sin a thug faoi deara go raibh broinnte ban a bhaint amach in ospidéal i mBaile Átha Cliath, gan gá leis go minic. Is léir, ón méid atá léite agam, go raibh go leor daoine ar an eolas faoi seo, go raibh a fhios acu go raibh sé ait, ach níor labhair aon duine amach, ach amháin an bhanaltra chróga sin.

Agus níl ansin ach sampla amháin ón tír seo! Ag an am céanna, tá an duine cainteach, an duine sotalach, an duine le cumhacht, an duine le hairgead, an duine gan faitíos, in ann an lámh is fearr a fháil ar an tromlach. Féach ar Hitler, mar shampla. Cá raibh na daoine maithe an t-am sin? Ní fhéadfadh sé go raibh siad uile séimh. Faitíos, féinchaomhnú, suí ar an gclaí?

Agus céard faoi na bainc agus an droch-chuma atá curtha acu ar an tír? Chaithfeadh sé go raibh daoine ar an eolas faoin gcraic a bhí ag dul ar aghaidh, airgead á bhogadh anseo agus ansiúd le dallamullóg a chur ar chuntasóirí srl., más fíor, ach, fós, níl aon duine ag labhairt amach, feictear dom, gan trácht ar chúiseamh.

Agus an gá dom an Tuaisceart a lua?Mise Áinehttps://www.blogger.com/profile/07283240661208213059noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-5632585302693539764.post-76927056174419430992009-07-24T21:57:33.946+01:002009-07-24T21:57:33.946+01:00Dála an scéil, táim cinnte go bhfuil tuairimí noch...Dála an scéil, táim cinnte go bhfuil tuairimí nochta agamsa, ó am go chéile, go ciotach, ar shlí a d'fheadfadh daoine eile a ghortú.

Ach ní d'aon ghnó, ach tré teip daonna.

Baol amháin leis an gcaidreamh ar líne seo - níl aon teacht againn ar na comharthaí neamh fhoclacha sin a thugann foláireamh dúinn go bhfuilimid ag cuir isteach ar dhuine eile.

Tá súil agam nár dheineas riamh amhlaidh d'aoinne a léann seo - agus gabhaim mo leithscéal má dhein!aonghushttps://www.blogger.com/profile/17809657304269246594noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-5632585302693539764.post-36403228653938050462009-07-24T20:10:41.819+01:002009-07-24T20:10:41.819+01:00Bíonn drogall ar daoine deasa labhairt amach.
Sin...Bíonn drogall ar daoine deasa labhairt amach.

Sin an cúis go bhfuil an ballóid rúnda chomh tabhachtach sin!

Tógann sé an mhisneach tuairim nach gcloistear go minic a fhógairt ó ard - fiú agus fhios ag duine go bhfuil an tuairim sin ós íseal ag an pobal mór.

Is túisce an duine borb, atá beag beann ar dhaoine eile, a bheith in ann é fhéin a chuir in iúl, ná an duine séimh nach mian leis cuir isteach ar dhaoine eile.aonghushttps://www.blogger.com/profile/17809657304269246594noreply@blogger.com