Friday, June 26, 2009

Tábhacht an Ghréasáin

Tá an t-am ag bogadh ar aghaidh i ngan fhios dom. Bhí mé gnóthach le cuairteoirí agus Ceann Scríbe le lá nó dhó agus ní raibh deis agam breathnú ar mo bhlag ach ar éigean. Sin an saol.

Tháinig trí bhás ar an saol céanna ó bhí mé libh go deireadh; Farrah Fawcett, Michael Jackson, agus Foinse, más fíor. Bhíothas ag súil le péire acu, ar bhealach, ach tháinig bás Mhichael Jackson aniar aduaidh ar an domhan iomlán, go háirithe ar an bhfear bocht é féin, más fíor gur taom croí a thug leis é. Maidir le Farrah bhocht, nach í an ailse dhamanta sin a sciob ón saol í, an galar lofa sin lonnaithe ina corp ó 2006, an galar céanna a thug leis, ón saol seo, a deirfiúr Diane i 2001. Tá faoiseamh acu beirt anois, cibé fúthu siúd a d’fhág siad ina ndiaidh.

Más fíor an méid atá léite agam le blianta fada anuas, agus seo mo thuairim féin, ní fear é Michael Jackson a bhain mórán suilt as an saol, fiú agus áit cosúil le Neverland aige agus neart airgid aige le caitheamh; rud a rinne sé go minic, agus gan mórán céille in amanna, shílfeá. Ach ba leis an t-airgead agus b’aige a bhí an ceart an t-airgead sin a chaitheamh mar ba mhian leis, mar gurbh eisean a shaothraigh é. Dar leis, bhí a athair iontach dian air agus é ag fás aníos, agus is léir nárbh ionann a shaol agus é ina pháiste agus saol an ghnáthpháiste. Cé nach bhfuil a fhios agam céard atá amach romhainn tar éis an bháis, creidim go bhfuil faoiseamh ag Michael Jackson anois. Níl a fhios agam cén sórt saoil a bhí ag a pháistí féin a fhad agus a bhí Michael beo, ach is iadsan atá i mo smaointe ar maidin agus is dóibhsean atá mo thrua.

Maidir le Foinse, níor chuir sé iontas ar bith orm gur tharla an méid a tharla. Nuair a chuir Con daoine ar a n-aire faoin achainí a bhí le síniú acu, dá mba mhian leo tacaíocht a thaispeáint don pháipéar, thug mé faoi deara go raibh daoine mall go leor á shíniú, agus bhí ar Chon an achainí a chur i gcuimhne dúinn arís ar a bhlag, ó am go chéile: 'Achainí Foinse - tuilleadh tacaíochta ag teastáil' agus 'Misneach agus Foinse'. Ná fiafraigh díom cén fáth ar cheap mé é, mar nílim iomlán cinnte mé féin den fháth, ach cheap mé gur dhroch-chomhartha a bhí ansin. Sa deireadh thiar, 1000 duine, nó níos lú, a chuir méar le méarchlár don achainí agus cé nach bhfuilim ag maíomh gurb iadsan amháin a thugann tacaíocht d'Fhoinse, tá a scéal féin á insint ag an toradh sin.

Creidim go bhfuil ciall go leor sa mhéid a dúirt Seán Mór ina thráchtaireacht ar iGaeilge: “Tá gá le mórfhoilseachán amháin, ina bhfuil an-éagsúlacht: seirbhís nuachta idirlín, páipéar seachtainiúil, ailt faoi chúrsaí ealaíne agus litríochta srl.”. Ar a laghad, tá Nuacht 24 ag teacht chugam féin go seachtainiúil anois tríd an bpost, agus go laethúil ar an idirlíon. Is maith ann é.

Mo chuimhne, ar leathanach 9 d’eagrán na seachtaine seo caite den pháipéar, 19 Meitheamh, chonaic mé duine de na mná uaisle sin a bhí i mbun céime liom i nDoire roinnt blianta ó shin, Leonne Ní Loinsigh. Bhuel, mar a tharla sé, casadh liom í arís aréir, mise agus 12 iardhalta eile ó chomhluadar na céime sin bailithe le chéile sa Guild Hall i nDoire, mar aon le go leor daoine eile, ag ceiliúradh a bhí á dhéanamh ar fhoilsiú an leabhair ‘Three Poems Ascribed to Gilla Cóemáin: A Critical Edition of the Work of an Eleventh-Century Irish Scholar’ (Nodus Publikationen Münster) le Peter J. Smith, nó an Dr. Peadar MacGabhann mar ab fhearr aithne againne air agus é ina léachtóir againn in Ollscoil Mhig Aoidh. Bhí oíche iontach againn agus comhghairdeas ó chroí le Peadar uainn uile.

Cibé scéal é, ar ais liom chuig Leonne. Tá sí ag obair anois mar Oifigeach Forbartha Gaeilge i gCarn Tóchair, ar an mbóthar idir Béal Feirste agus Doire, agus bhí sí ag insint dom faoin siopa nua, An Carn,atá acu ansin. Obair iontach ar fad ar bun acu, agus is fiú súil a chaitheamh ar an suíomh idirlín sin, a léitheoirí. Ar aon nós, d’inis Leonne scéal dom aréir, scéal a thaispeánann tábhacht an ghréasáin seo againne, lucht na mblaganna, i saol na Gaeilge.

Seachtain ó shin, tar éis dom léamh ar iGaeilge faoin ghreannán nua, Rírá, ó Aidan Courtney (tacaíocht faighte ag Aidan ó Fhoras na Gaeilge bíodh a fhios agaibh), chuir mé an dea-scéala seo ar aghaidh chuig Leonne, agus chuig go leor daoine eile ar m’aithne in earnáil na Gaeilge, múinteoirí i mbunscoileanna éagsúla, gaolta le páistí óga srl. Cibé scéal é, agus de thoradh gur chuala sí faoin ngreannán uaimse, a chuala faoin ngreannán ó Chon ar iGaeilge, tá Leonne ag scaipeadh an scéil í féin anois i measc na mbunscoileanna agus na dtuismitheoirí máguaird, agus tá bainisteoir an tsiopa, An Carn, ag dul i dteagmháil le hAidan Courtney freisin. Anois, a chairde, sin an dóigh le tacaíocht a thabhairt! Scaipigí an scéal agus coinnigí an gréasán ag obair. Is ar scáth a chéile...

Go n-éirí go geal leo siúd atá faoi bhorradh agus biseach, agus mo chomhbhrón ó chroí, in am seo an chiorraithe, leo siúd in Foinse agus Móinéar Teo.
.

4 comments:

  1. Is fíor duit faoi thábhacht an idirlín! Tugann sé glór do mhionlaigh mar atá pobal na Gaeilge, agus do phobail i bhfad níos mó atá curtha faoi ag a rialtais féin.

    ReplyDelete
  2. Aontaím leat, a chara.

    Aiféala faoi mhoill leis an bhfreagra seo, ach bhí mo ríomhaire san ospidéal!

    ReplyDelete
  3. Bhí mé ag caint le Leonne an seachtain ó shín agus thug mé ríomhphoist di faoi. Go raibh míle maith agat mar tá mé a dhéanamh gach rud i rith an óiche, ar an lón agus gach ám eile. Is bréa liom é a dhéanamh ach tá áthas orm go raibh tú ag scaipeadh an scéal. Má tá suim agat cur glaoch orm ag eolas@coimicigael.ie beidh rud an duitse.

    ReplyDelete
  4. Áthas orm go bhfuil an gréasán ag obair, a chara. Go n-éirí go geal leat!

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.