Wednesday, June 17, 2009

Muc sa Teach

Bíonn An Pluiméir anseo ó am go chéile agus tugann sé daoine leis isteach sa teach nua, custaiméirí nó cliaint ionchasacha, le go bhfeice siad an dá chóras téimh lárnaigh atá againn i gCeann Scríbe. Bíonn sé ag plé le chuile chineál córais ach is iad an córas geoiteirmeach agus an córas téamh gréine atá curtha isteach aige i dteach s’againne.

Thug mé faoi deara, go háirithe nuair a bhíonn lánúin ann, nó fear agus bean in éineacht más fearr leat an leagan sin, go mbíonn na fir ag éisteacht go géar le gach focal ó bhéal An Phluiméara, a n-aire agus a súile dírithe go hiomlán ar an gcóras téite agus a mhodh oibre. Bíonn na mná ag éisteacht freisin, gach uile fhocal á chloisteáil acu, an modh oibre á fheiceáil acu, ach an teach iomlán agus a bhfuil ann a shú isteach trína súile aici ag an am céanna.

Ní chuireann sé sin isteach ná amach orm, mar go bhfuil a fhios agam go bhfuil mná, go hiondúil, ildánach agus ilfheidhmeannach agus go bhfuil an inniúlacht sin acu, bail ó Ché orthu, a n-aird a dhíriú ar mhíle rud ag an am céanna. Ócé, tá sé sin rud beag áibhéalach, ach tuigeann sibh céard atá i gceist agam, a léitheoirí cliste. Tá a fhios agam nach bhfuil suim dá laghad ag na fir in aon rud eile sa teach ach sa chóras téite, ach tá a fhios agam go mbeadh an bhean atá in éineacht leis istigh i ngach uile sheomra, cófra, tarraiceán agus prios sa teach, le go bhfeicfeadh sí cén modh oibre atá acu, agus agamsa, dá bhfaigheadh sí cead. Tá a fhios agam é sin mar gur bean mise mé féin, an dtuigeann sibh.

Agus cén chaoi, más bean mé, a bhfuil a fhios agam faoi mheon na bhfear a thagann isteach i mo theach? Inseoidh mé é sin duit anois, a léitheoir. Tá a fhios agam é sin mar go bhfuil muc sa teach agam. Sea, muc. Ach ní hé an mhuc mar a thuigeann tusa an focal ‘muc’ atá i gceist agam ar chor ar bith, ach an rud sin ar a bhfuil an leasainm ‘muc’, agus a chuirtear i slograch an doirtil sa chistin; an gléas diúscartha dramhaíola a itheann fuíoll torthaí agus bia, málaí tae, blaoscáin srl., a dhéanann brúitín dóibh, agus a thugann leis iad cibé áit a dtéann gnáthuisce an doirtil. Níl garraí againn, sula dtosóidh aon ghníomhach múirín do mo cháineadh!

Nuair a bhíonn cuairteoirí againn, taispeánaim timpeall an tí iad. Bíonn siad ag ooháil agus ag aaháil, fir agus mná d’aon ghuth maidir le háilleacht gach seomra, tá súil agam, go dtí go dtagaimid chomh fada leis an muc sa chistin. Is anseo a dhealaítear na fir ó na mná, maidir lena meon ar aon nós. Agus mé á gcur in aithne don mhuc, faighim greim ar mhála tae úsáidte, cuirim isteach i mbéal na muice é, cuirim an sconna ar siúl, brúim cnaipe agus, hey presto, tá an mála tae imithe leis síos sa slograch.

Gosh, that is very useful!” a déarfaidh an bhean, agus í réidh le bogadh ar aghaidh go dtí an chéad iontas nua eile. Ach chan an fear. “Go on, can I have a go?” a déarfaidh sé, agus a shúile ag lonradh le háthas naíonda, mar a bheadh páiste ann atá tar éis bréagán nua a aimsiú. Agus fanann sé ansin leis an muc, é ag spraoi leis, gach rud atá in aice láimhe á chaitheamh isteach aige i mbéal na muice, agus é ag brú cnaipí ar a sháimhín só.

Ní gá a thuilleadh a rá. Tuigeann sibh an difríocht eadrainn anois, a léitheoirí. Tá mná ciallmhar. Tá fir ‘mucánta’.
.

9 comments:

  1. Bhuel !!! a MiseÁine nach sibhse atá buíoch go bhfuil suim againn in bhfúr "gadgets"

    ReplyDelete
  2. An nua an rud é an "garbage disposal" in Éirinn? Tá siad chuile áit anseo, le fada an lá. Ní bhainim úsáid as an gceann atá againn níos mó. Tá araid rothaí ollmhór againn anois le haghaidh dramaíl na cistine agus gach sórt "clean green" a thagann ón ngairdín. Bailíonn an chathair (Seattle) a bhfuil san araid ar an Luan agus déantar múirín as. An-simplí. :-)

    ReplyDelete
  3. Nach bhfuil a fhios agat gur breá linn rudaí a scriosadh, pé uirlis atá ann chun é a dhéanamh?

    ReplyDelete
  4. Tá cónaí ar mo mháthair agus ar mo dheirfiúracha i mBostún agus is ansin a chonaic mé an ‘garbage disposal’ an chéad uair riamh. Tá siad coitianta go maith in Éirinn anois, ach ní raibh ceann agam féin go dtí anois, a Dennis.

    A Shéamais, chuir mé cúpla dán eile chugat. Súil agam go n-éireoidh go geal libh leis an gcéad eagrán eile. Aiféala orm faoin mhoill sin.

    ReplyDelete
  5. Aine a chroí,
    Bainim an taitneamh as MISEAINE agus an lion tí uile, gan trácht ar an muc sa chistin sin atá agat! Tá áthas orm go bhfuil tú ar ais ag scriobh.
    Tá beirt muc sa chistin agam féinig anseo, fir óga…itheann siad gach uile rud agus fós féin bíonn ocras orthu i gcónaí … bhuel ní itheann siad málaí tae atá caite, go bhfios dom…

    ReplyDelete
  6. Agus, a Hilary, chuirfinn geall leat go mbíonn an bheirt acu de shíor ag oscailt doras an chuisneora agus ag breathnú isteach ann, más ionann iad agus mo mhac agus fear féin, agus chule fear eile ar m'aithne...:)

    ReplyDelete
  7. Creidim féin go dtéann an rud seo go domhain i stair an chine, a Áine. Is maith le fir uirlisí, mar go gcreideann siad go stairiúil go gcabhróidh siad leo soláthar a dhéanamh dóibh féin agus don chomhluadar thiar sa mbaile sa bpluais. Is maith le mná sálaí arda srl. mar go meallfaidh siad fear a dhéanfaidh soláthar sa bpluais orthu. Is maith leo slacht a choinneáil ar an bpluais chomh maith, ar mhaithe leis na gasúir a choinneáil folláin, sa gcaoi is go bhfásfaidh siad suas le tuilladh gasúr a chur ar an saol agus na géinte a chur ar aghaidh glúin eile. Agus b'fhéidir gur mhaith leo an fear a choinneáil ag teacht ar ais chuig an bpluais lena sholáthar. Mura bhfuil sé gafa lena chuid uirlisí nó eile :)

    Cineál executive summary é an méid sin thuas de "The Selfish Gene" le Ricgard Dawkins - bhuel, cineál.....

    ReplyDelete
  8. Agus tá samhlaíocht iontach ag na fir freisin, is cosúil...:)

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.