Wednesday, January 5, 2011

Tús Maith?

Tháinig mo cheamara nua sa phost ar maidin. Tá leabhrán eolais leis. Tá 243 leathanach sa leabhrán sin.

Thosaigh mé ag léamh.

1. Getting Started

– this chapter explains preparatory steps before you start shooting and basic camera operations.

Ceart go leor, arsa mé féin liom féin. Tosóidh mé leis an gcéad rud, Attaching the Strap.

Dhá uair an chloig a thóg sé orm an méid sin a dhéanamh.

Tosóidh mé le Attach the Battery amárach…
.

4 comments:

  1. An bhfuil an leabhrán níos troime ná an ceamara? Is annamh innealtóirí chomh glic i mbun mínithe agus atáid i mbun dearadh, faraor.

    ReplyDelete
  2. De ghnáth bíonn sé an-deacair an diail plaisteach a bhaint as an mbosca féin.

    ReplyDelete
  3. Níl, a Aonghuis. Agus beidh an ceamara éasca a úsáid, más fíor an méid atá scríofa sa leabhrán!

    Tá an ceart agat, Bob...:-)

    ReplyDelete
  4. Ag súil go mór leis na torthaí, nuair a thagann an ceamara agus na cadhnraí le chéile. Nod agam duit, scríobh síos branda na gcadhnraí sa leabhrán. Go minic ní oibríonn ach aon chineál cadhnra amháin i gceamaraí. Níor oibrigh ceamara mo mham Lá Nollag, cé go raibh cadhnraí nua curtha isteach ann. Is fiú cloí leis an mbranda céanna is a thagann leis.

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.