Thursday, December 2, 2010

Ag Tiomáint Sa Sneachta

Daoibhse nach bhfuil ceaptha ag an sneachta, ach atá ag tiomáint sa sneachta, b'fhéidir go mba mhaith libh súil a chaitheamh ar an méid atá le rá ag Noel Sweeney ó Swilly Drive anseo, 'a few tips on driving in the snow', dar leis.

Ní dochar bheith ar an eolas, a léitheoirí, mura bhfuil an t-eolas agaibh cheana, ar ndóigh.

Mo chuimhne, níor thug mé faoi deara, go dtí inniu, nach raibh na naisc ag bun mo bhlagmhíreanna ag obair, agus tá aiféala orm faoi sin. Mar is eol daoibh, táim fós ag foghlaim.

Pé scéal é, tá caoi curtha agam ar an bhfadhb anois, agus is féidir, más mian libh, mo bhlagmhíreanna a roinnt ar Facebook, Twitter srl, ach brú ar an gcnaipe ‘Roinn’, nó brú ar cheann de na cnaipí eile sin in íochtar.
.

4 comments:

  1. Mo chomhairle. Fan sa bhaile. Lig saor an páiste atá ionat - bí ag súgradh sa sneachta. Bain taitneamh as, imíonn sé róghasta.

    ReplyDelete
  2. Is fíor duit!

    Cá bhfuil mo wellies...wúúúhúúúúúúúúú!

    ReplyDelete
  3. Ar thit sneachta thuas aréir a Áine?

    Comhairle mhaith ó Noel, "tooo mouch eggselleration". Ceart aige bun agus barr na faidhbe.
    Ach uaireanta éiríonn sé chomh dona gur cuma faoin eggselleration nó ghiar. Nuair atá an bóthar cosúil le gloine clúdaithe in ola ní bheidh seans agat.

    ReplyDelete
  4. Thit, a Dhubhaltaigh.

    @ 'Nuair atá an bóthar cosúil le gloine clúdaithe in ola ní bheidh seans agat.'

    Is fearr fanacht sa bhaile, más féidir é ar chor ar bith, agus na páistí sin ionainn a scaoileadh saor...:-)

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.