Wednesday, November 24, 2010

Réalta na Maidine

Má tá am le spáráil agat, a léitheoir, b’fhiú duit súil a chaitheamh ar an mblag seo, rud a rinne mise, nuair a tháinig mé air, den chéad uair, ar maidin.

Léigh an méid atá le rá ag an scríbhneoir cumasach seo, faoin lá a chaith sí nuair a d’fhreastail sí ‘ar chlinic limféidéime i mBaile Átha Cliath’, agus léigh leat ansin, freisin, faoin ospidéal ar ‘centre of excellence’ é d’ailse chíche.

Ansin, b’fhiú duit súil a chaitheamh ar an scéilín seo uaithi, Cnag, scéal a chuir an scríbhneoir seo ag gáire ar maidin, go háirithe an líne sin, ‘Ach, ní raibh d’ábhar cóisir agam ach Temazepam…

Fáiltím roimh Réaltán Ní Leannáin chuig earnáil na blagála. Fiú más mall féin atáim le m’fháilte roimpi, tá sí feartha le meas, agus le buíochas, ar lá nach bhfuil le cloisteáil ó na meáin ach drochscéalta diúltacha.

Nár laga do Ché d’fhuinneamh, ná do ghreann, ná do dhearfacht, a Réaltán!
.

4 comments:

  1. Réalta nua inár bhfirmimint cinnte.

    GRMA as an nod.

    ReplyDelete
  2. Tá sé deacair fanacht faoi cheilt uait ;)

    ReplyDelete
  3. GRMA agat as an nod, a Áine.

    Thug mé cuairt air láithreach.

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.