Má tá am le spáráil agat, a léitheoir, b’fhiú duit súil a chaitheamh ar an mblag seo, rud a rinne mise, nuair a tháinig mé air, den chéad uair, ar maidin.
Léigh an méid atá le rá ag an scríbhneoir cumasach seo, faoin lá a chaith sí nuair a d’fhreastail sí ‘ar chlinic limféidéime i mBaile Átha Cliath’, agus léigh leat ansin, freisin, faoin ospidéal ar ‘centre of excellence’ é d’ailse chíche.
Ansin, b’fhiú duit súil a chaitheamh ar an scéilín seo uaithi, Cnag, scéal a chuir an scríbhneoir seo ag gáire ar maidin, go háirithe an líne sin, ‘Ach, ní raibh d’ábhar cóisir agam ach Temazepam…’
Fáiltím roimh Réaltán Ní Leannáin chuig earnáil na blagála. Fiú más mall féin atáim le m’fháilte roimpi, tá sí feartha le meas, agus le buíochas, ar lá nach bhfuil le cloisteáil ó na meáin ach drochscéalta diúltacha.
Nár laga do Ché d’fhuinneamh, ná do ghreann, ná do dhearfacht, a Réaltán!
.
Beannachtaí na Nollag 2024
3 days ago
Réalta nua inár bhfirmimint cinnte.
ReplyDeleteGRMA as an nod.
Sin é, a chara...:-)
ReplyDeleteTá sé deacair fanacht faoi cheilt uait ;)
ReplyDeleteGRMA agat as an nod, a Áine.
ReplyDeleteThug mé cuairt air láithreach.