Sunday, November 28, 2010

An Dubh ar an mBán


An Dubh ar an mBán

Pluid bhán gan teocht
ar leaba na tíre,
teaghlaigh gan cinnteacht
ar bhréagoighear na díre,
ceann scríbe gan foscadh
in éagmais na fíre,
slánaitheoir eachtrach,
gan dílseacht dháiríre.
.

8 comments:

  1. Ana dheas.

    Cad é "bréagoighear na díre" i. cad é díre; focal nach bhfuil agam.

    ReplyDelete
  2. 'díre' - mínithe ag WinGléacht mar 'indemnity, compensation', 'due, right', 'correct position, true fit'.

    Tá é soiléir go maith ag Dinneen, 'what is due'.

    Maidir le 'bréagoighear', sin m'fhocal féin, 'bréag+oighear' - samhlaigh leat, a chara!

    ReplyDelete
  3. Ceann deas arís.

    Bhí orm an Dálach a cheadú maidir leis an bhfocal "díre", ní raibh an focal agam ach an oiread.

    Ach b'fhiú an dua beag chun a dhíre a thabhairt don dua mór!

    ReplyDelete
  4. Go raibh maith agaibh, a fheara.

    Cibé faoin 'dua', a Ormondo, is dóigh liom gurb í an tua atá ag déanamh imní do mhuintir na tíre...:-(

    ReplyDelete
  5. Bhí "díre" agam, ach ní i nGaeilge an lae inniu. Focal tábhachtach - "eochairfhocal" - ba ea é i bhFéineachas. "Honour price" an t-aistriúchán iondúil.

    ReplyDelete
  6. Suimiúil...:-)

    Maith thú, a Dennis.

    ReplyDelete
  7. Cén fheidhm a bhíodh ag eocharfhocal sa chomhthéacs sin?

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.