Sunday, November 28, 2010
An Dubh ar an mBán
An Dubh ar an mBán
Pluid bhán gan teocht
ar leaba na tíre,
teaghlaigh gan cinnteacht
ar bhréagoighear na díre,
ceann scríbe gan foscadh
in éagmais na fíre,
slánaitheoir eachtrach,
gan dílseacht dháiríre.
.
Subscribe to:
Post Comments (Atom)
Ana dheas.
ReplyDeleteCad é "bréagoighear na díre" i. cad é díre; focal nach bhfuil agam.
'díre' - mínithe ag WinGléacht mar 'indemnity, compensation', 'due, right', 'correct position, true fit'.
ReplyDeleteTá é soiléir go maith ag Dinneen, 'what is due'.
Maidir le 'bréagoighear', sin m'fhocal féin, 'bréag+oighear' - samhlaigh leat, a chara!
Ceann deas arís.
ReplyDeleteBhí orm an Dálach a cheadú maidir leis an bhfocal "díre", ní raibh an focal agam ach an oiread.
Ach b'fhiú an dua beag chun a dhíre a thabhairt don dua mór!
Go raibh maith agaibh, a fheara.
ReplyDeleteCibé faoin 'dua', a Ormondo, is dóigh liom gurb í an tua atá ag déanamh imní do mhuintir na tíre...:-(
Bhí "díre" agam, ach ní i nGaeilge an lae inniu. Focal tábhachtach - "eochairfhocal" - ba ea é i bhFéineachas. "Honour price" an t-aistriúchán iondúil.
ReplyDeleteSuimiúil...:-)
ReplyDeleteMaith thú, a Dennis.
Cén fheidhm a bhíodh ag eocharfhocal sa chomhthéacs sin?
ReplyDeleteFéach anseo, a Ormondo.
ReplyDelete