Tuesday, November 9, 2010

Deora

Bhí cara liom, agus mé féin, sa Millennium Forum i nDoire aréir, áit a raibh seó ag Dara Ó Briain, fuirseoir a thaitníonn go mór liom.

Ó bhásaigh mo dheirfiúr trí bliana ó shin, is minic deora bróin i mo shúile. Aréir, ba dheora gáire a bhí iontu, agus d’fháiltigh mé rompu, mar a bheadh seanchara tar éis cuairt a thabhairt orm, cara nach bhfaca mé le fada.

Nach suimiúil an rud iad deora, a léitheoirí? Tagann siad ón bhfoinse chéanna, cé nach í an fhoinse chéanna is cúis leo, mar a déarfá.

Níl a dhath de dhifríocht idir, abair, blas agus dath na ndeor, is cuma brón, áthas, gáire, pian, nó fiú oinniún, dá spreagadh chun silidh.

Dá mbeadh dath agus blas orthu, meas tú cén dath, nó cén blas, a chuirfeadh na mothúcháin éagsúla ar dheora?
.

5 comments:

  1. Gach uile ceann acu ar dhath an óir!

    Agus is fear mór grinn é Dara... gan aon agó.

    ReplyDelete
  2. 'Gach uile ceann acu ar dhath an óir!'

    Hmmm...níl a fhios agam faoi sin, a Ormondo.

    Samhlaím go mbeadh blas, b'fhéidir, searbh ar na deora a thiocfadh ón té a mbeadh a chrói briste ag páirtí mídhilis, abair, agus b'fhéidir go mbeadh dath eile seachas ór ar na deora!

    ReplyDelete
  3. Tá an ceart agat sa chás sin, sa chás a ndéantar "feall" ar dhuine.

    Bíonn deora searbha ann freisin minic go leor nach féidir puinn maitheasa a bhaint astu.

    ReplyDelete
  4. Mo smaointe ag rith, arís, a Néidí!

    Ceann eile a rith liom inniu - dá mbeadh dath ar dheora, bheadh an-fhadhb ar aisteoirí lena ndeora bréige...:-)

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.