Friday, October 22, 2010

Torthaí agus Toradh

Seans nach mbeidh deis agam labhairt libh arís go ceann seachtaine, nó mar sin, a léitheoirí. Tá cuairteoirí ag teacht ar ball, agus ansin tá an tOireachtas do mo mhealladh ó dheas.

An méid sin ráite, b’fhéidir go mbuailfeadh fonn rámhaille mé am éigin idir an dá linn, agus ní bheadh de rogha agam ansin ach an rámhaille sin a roinnt libh. Tuigeann sibh féin an chraic.

Pé scéal é, bhí mé ag réiteach an dinnéir ar ball, agus thug mé faoi deara dathanna áille na nglasraí, agus chinn mé an ‘aghaidh’ bheag thuas a dhéanamh daoibh. Ceann don tSamhain atá ann, an dtuigeann sibh. Anois, ná habair nach mbíonn sibh i mo smaointe agam!


Mo chuimhne, nach suimiúil go dtugtar glasraí orthu, agus an oiread sin dathanna éagsúla ar thorthaí Ollmháthair na Cruinne? B’fhéidir go bhfuil freagra na faidhbe glaise le fáil áit éigin ar shuíomh Dennis s’againne, anseo abair.

Ar aon nós, tá toradh mo chuid oibre féin inniu le feiceáil thíos.

Thuas, an mhias ar a dtugaim féin 'Córn agus Cóilis Bácáilte', le córn, cóilis, scailliúin, anlann Tabasco, cáis agus crème fraiche. Thíos, ábhar na méise ar a dtugaim féin Lasagne Bó Chaillte.

Bainigí sult as an deireadh seachtaine, a chairde. Beidh mé ar ais libh go luath, ach deis a fháil.
.

4 comments:

  1. "Lasagne Bó Chaillte"

    ASG!

    Bain sult as an Oireachtas. Nach bhfuil duais éigin le bailiú agat sa Ríocht? ;-)

    ReplyDelete
  2. Bhí orm dul go dtí an t-idirlíon le fáil amach céard is quorn ann. Ní fhaca mé riamh abhus anseo é. Is cosúil nár cuireadh fearadh na fáilte roimhe nuair a seoladh é i Meiriceá.

    ReplyDelete
  3. Bhailigh mé mo dhuais cheana, a Ormondo, an mhí seo caite, ag bronnadh na nduaiseanna do Chomórtas Liteartha an Oireachtais. Craic atá romham sa Ríocht, tá súil agam...:-)

    Tá a fhios agam nach bhfuil 'quorn' agaibh thall, a Dennis, mar chuir mé oideas feoilséantach, le quorn ann, ar fáil do charthanas thall uair amháin, agus fuair mé ceist ar ais 'and what, might one ask, is quorn?'

    Bíonn ocras ormsa i gcónaí, a Néidí...:-)

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.