Thursday, October 7, 2010

Supernova 2010K

Tharla sé os cionn 300 milliún bliain ó shin, fiú roimh ré na ndineasár, ach níor thug aon duine faoi deara gur tharla sé go dtí an mhí seo caite.

Bhí Dave Grennan, forbróir bogearraí as Baile Átha Cliath, ach fear ar fairtheoir réalta amaitéarach rialta é, bhí sé ina bhothán ar chúl a thí, ag breathnú ar na réaltaí, mar is iondúil leis, nuair a thug sé faoi deara ‘one of the most dramatic events of the heavens’, an rud ar a dtugtar supernova.

Is éard atá sa supernova ná ‘a cataclysmic explosion during which a star self-destructs with such force it destroys nearby suns and planets’, dar leis an méid a léigh mé san alt seo.

Cé gur tharla an phléasc ollmhór sin na blianta blianta fada ó shin, ‘we are watching an event as it is unfolding’, arsa Dave.

Anois, nach bhfuil sé sin iontach, a léitheoir – muidne anseo ar thalamh na cruinneoige bige seo, ag breathnú anois díreach ar rud a tharla beagnach 300 milliún bliain ó shin, ar chruinneog éigin eile? Bhabha! (mo leagansa de Wow!, ach glacfar le moltaí.)

Pé scéal é, chuala mé Dave ag labhairt ar an raidió inniu, agus an bhfuil a fhios agaibh rud amháin eile, a léitheoirí – dá bpléascfadh an ghrian anois díreach, dar leis, bheadh muidne ar an gcruinneog bheag seo, tusa agus mise, bheadh muid aineolach faoin eachtra ollmhór sin go ceann 8 nóiméad eile!

Go deimhin, b’fhéidir gur tharla sé cheana féin…tic toc, tic toc, tic toc, tic toc…
.

2 comments:

  1. Dá mbeadh an ghrian imithe ní bheadh an t-athrú ar an domhantarraingt le mothú anseo go ceann 8 nóiméad ach an oiread.

    Cheap Isaac Newton go mbeadh an t-athrú le mothú láithreach bonn, ach thuig Einstein nach bhféadfadh aon fhórsa taisteal níos mire ná an solas. Agus b'in tús le teoiric le coibhneasachta!

    Ní fheadar go mbeadh stair eile ann dá mba é go raibh teileascóp níos fearr ag Newton?

    ReplyDelete
  2. 'Ní fheadar go mbeadh stair eile ann dá mba é go raibh teileascóp níos fearr ag Newton?'

    B'fhéidir é...:-)

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.