Monday, October 11, 2010

Cruthaitheacht

Ó tharla mé ag scríobh faoi ábhar cruthaitheach sa bhlagmhír dheireanach, chinn mé go roinnfinn fógra teilifíse nó dhó libh.

Gráinneog agus An Bhean Neamhspleách a thug faoi mo dheara na cinn seo thíos, agus is léir dom, ón iontas agus ón gháire a roinneamar triúr agus muid ag breathnú ar na fógraí ar youtube aréir, go bhfuil géinte a n-athar agus a máthar beo beathach sa bheirt acu.

Tá meas acu, feictear dom, agus buíochas le mo Ché, ar an meon cruthaitheach. Tuigeann siad go maith go bhfuil díolacháin táirgí i gceist leis na fógraí, ach aithníonn siad an taobh cruthaitheach den mheon a chruthaigh na fógraí sin. Ach go háirithe, baintear gáire astu nuair a bhíonn acmhainn grinn chruthaitheoir an fhógra soiléir ar an scáileán.

Aréir, thuigeamar go maith an teachtaireacht taobh thiar den fhógra seo, agus, ahem, chonaiceamar go maith an teachtaireacht taobh thiar den fhógra seo, agus bhíomar ár marú féin ag gáire nuair a chualamar buaiclíne* an chinn seo.

* Cén Ghaeilge atá ar ‘punch line’ meas tú? Fotha líne? Abairt bhuaice? Rogha na bhfoclóirí? Do rogha féin?
.

3 comments:

  1. Buafhocal agus focal scoir na roghanna eile atá againn.

    ReplyDelete
  2. Phew, cheapas go raibh Bertie ar ais sa chófra ansin a Áine sula bhfaca mé na M&Ms ;)

    ReplyDelete
  3. Go raibh maith agat, a Dennis. Ní raibh foclóir liom i mBÁC, áit a raibh mé le lá nó dhó, agus ní raibh mé in ann theacht ar aon fhocal cuí ar an idirlíón.

    MMFAG, a John!

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.