Friday, October 1, 2010

Athfhilleadh agus Athfhriotal

Ar thug sibh faoi deara riamh go mbíonn, in amanna, dáta faoi leith i saol duine, dáta ar a dtarlaíonn rudaí cinniúnacha, abair; dáta, ar athfhilleadh dó, a fhágann duine le meascán mothúchán ar an lá?

Bhí a leithéid de lá mar sin agamsa an lá ar bronnadh duais úd an Oireachtais orm. Is ar an dáta sin, seacht mbliana is fiche roimhe, a tháinig m’iníon ar an saol, agus is ar an dáta sin, trí bliana roimhe, a d’imigh mo dheirfiúr álainn, Ciara, ón saol, gan í ach 30 bliain d’aois.

Tá féilire in ionad oibre deirféar eile liom, féilire ar a mbíonn athfhriotail cháiliúla scríofa. Bíonn athfhriotal nua roimpi gach lá, nuair a tharraingíonn sí leathanach an lae roimhe den fhéilire deisce.

Roinnim libh, thíos, an t-athfhriotal a bhí scríofa ar leathanach na Máirt seo caite, an 28 Meán Fómhair. Tá an leathanach, ar a bhfuil an t-athfhriotal scríofa, os mo chomhair anois, a bhuí le mo dheirfiúr.

‘Dream as if you’ll live forever, live as if you’ll die today.’

Bainigí sult as an deireadh seachtaine, a léitheoirí.
.

8 comments:

  1. Ar an Máirt seo caite tháinig mo dhaidí chun saoil sa bhliain 1947 agus phós mo thuismitheoirí ar an lá chéanna i 1974

    ReplyDelete
  2. Ní choimeádaim, mar shampla, ach dátaí breithe mo athar agus mo dhearféar i mo chuimhne. Níl na dátaí "eile" de ghlanmheabhair agam in an chor.

    Seans gur dearcadh soirbh atá sa mhéid sin, tar éis an tsaoil?

    Ar aon nós, ceapaim gur mó an bhaint do dhuine a dháta breithe ná an dáta "eile", ar an ábhar gur féidir an dáta "eile" a tharlú go randamach, de thaisme ghlan nó gan choinne ar bith leis.

    Ach i mbroinn an mháthar a "phleanáltar" le míonna anuas roimhe ocáid na breithe, agus de ghnáth bítear ag tnúth leis freisin.

    Agus mar gheall ar an athfhriotal thuas, is é mo cheannsa ná: "agus tréimhse ré-gheal nach ró-ghearr amach romhat, ní gá duit a bheith i nduairceas an scabhait"

    Dála an scéil, táimid fós ag baint taitnimh as go bhfuair tú duais an Oireachtais.

    ReplyDelete
  3. @ GFG - lá speisialta do do mhuintir, mar sin.

    @ Ormondo - go raibh maith agat, a chara...:-)

    ReplyDelete
  4. Comhghairdeachas ó chroí ar do bhua san oireachtas a Áine.

    Is tusa Banríon na Blagtachta.

    ReplyDelete
  5. Hi, A Áine, comhgháirdeachas uaim leis. Tá an duais thar a bheith tuilte agat do do bhlag a bhíonn so-léite, ionraic agus macánta i gcónaí. Scríobhann tú ó do chroí amach, a chailín, agus roinneann tú an ghaois is an taithí saoil atá foghlamtha agat linn go léir. Ta an ceart agat thuas. Tugann Carl Gustave Jung, an siciatraí cáilíúil an téarma "Synchronicity" ar a leithéid de chomhtharlaithe atá luaithe agat thuas. Aontaím leat tá rud éigint domhain ag tarlúint faoi dhromchla na ngnáth-tharlúintí!

    Go n-éirí leat, a Áine, agus comhghairdeachas arís as do bhua. Bain sult as. Tá do dheirfiúir dhil áit éigint speisialta taobh thiar den bhuachaint sin!

    ReplyDelete
  6. Áwwww, mo chara Míshásta, go raibh céad míle maith agat!

    Gabh mo leithscéal anois, ach caithfidh mé imeacht agus, ahem, snasán a chur ar mo choróin...;-)

    ReplyDelete
  7. Agus Tim! Anois a chonaic mé do theachtaireacht álainn - go raibh céad míle maith agat, a chara.

    Go deimhin, ní chuireann sé iontas orm go dtuigeann tú féin an 'rud éigint domhain' sin, agus an 'áit éigint speisialta' atá ag mo dheirfiúr i mo shaol anois...:-)

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.