Monday, October 4, 2010

Nathanna Cainte

‘Is maith an aghaidh ort é!, a dúirt bean amháin liom.
‘Is maith an oidhe ort é!, a scríobh bean eile chugam.

Is ionann an fhuaim bhriathartha, feictear dom, atá ag an dá fhocal sin ‘aghaidh’ agus ‘oidhe’, agus is ionann míniú na n-abairtí: ‘tá sé tuillte go maith agat’, ‘is maith an díol ort é’ nó ‘is maith a shaothraigh tú é’, mar shampla.

Dá mbeadh ‘aghaidh ar an aimsir’, bheadh an aimsir socraithe socair, agus dá gcloisfeá ‘is air atá an aghaidh’, bheadh a fhios agat go raibh dreach dána ar an duine sin. Ní luaitear ‘dána’, ach tá a fhios agat gur dána atá sé nuair atá an ‘aghaidh’ sin air!

Go deimhin, dá mba mhór an oidhe slaite tú, bheadh an tslat tuillte agat, ceaptar, agus bheadh daoine ann a déarfadh go bhfuair tú an rud ab oidhe duit, go háirithe dá mba rud é gur ort a bhí an aghaidh sin, a dhuine an dreacha dhána!

Mar sin féin, dá mbeadh tú i d’oidhe déirce, bheadh trua ag daoine duit, agus ní slat a gheobhadh tú, cheapfainn, ach carthanacht. Mura dtabharfaidís carthanacht duit, d’fhéadfá oidhe do bhéil a thabhairt orthu, rud nach mbeadh go deas, i ndáiríre, ach dá mba hé a oidhe é, ní ort a bheadh an locht!

Maidir le hOidhe Chlainne Lir, agus le hOidhe Chlainne Uisnigh, scéalta tragóideacha a bhí iontu. Go deimhin, dá mbeadh ort féin oidhe a fháil, ní deas an bás a bheadh in ann duit, cheapfainn, agus b’olc an oidhe urraime iad daoine a dhéanfadh a leithéid ort!

B’fhéidir gur fearr duit gan aghaidh a thabhairt ar an gcontúirt, ach aghaidh a thabhairt ar an obair. Ar an gcaoi sin, bheadh aghaidh gach drochscéal i bhfad uait.

*************************************

Lch. 12 agus lch. 923 FGB Uí Dhónaill
Lch. 180 FBG De Bhaldraithe
Lch. 11 agus 810 Dinneen
Lch. 437 O’Neill Lane
Lch. 311 McCionnaith
.

3 comments:

  1. Is fíorshuimiúil an siúl a rinne an focal seo! Is ionadh liom fós an chéim dheireanach de, ó “it serves you right” (cáinteach) go “you deserve it” (moltach), ach tá dhá bhrí le "tá sé tuillte agat” agus “is maith an airí ort é” freisin.

    ReplyDelete
  2. Fíorshuimiúil, go deimhin!

    An bhfuair tú amach céard é an 'fidil' in 'aghaidh fidil' fós, a Dennis?

    Chuir mé ceist, ach ní bhfuair mé freagra duit. Cé go raibh a fhios ag an Dómhnallach gur 'mask' a bhí san 'aghaidh fidil', ní raibh a fhios aici a dhath faoin 'fidil' sin.

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.