Saturday, September 18, 2010

Íomhánna An Lae

Báid ar Loch Coirib in Áth Cinn ar maidin.

Báid ar Loch Ceara i Maigh Eo tráthnóna.

An Garraíodóir ar an mbóthar go Moore Hall.

Chaitheamar seal ag Caisleán Cheapach Corcóige...

...ag freastal ar Scoil Seabhcóireachta ann...

...áit a ndeachaigh mé ar Hawk Walk leis an seabhac 'Uisce', muid faoi chúram Aoife álainn, Gaeilgeoir as Baile Átha Cliath, bean chumasach chairdiúil atá ag obair sa scoil ann.
Tráthnóna aoibhinn agam féin agus ag an nGarraíodóir ina gcuideachta, eisean ag siúl leis an seabhac, Milly, mise ag siúl le Uisce.

2 comments:

  1. Ar mharaigh ceachtar acu colúr (.i. francach eitilte, .i. an fáth is fuath liom Venezia) ?

    ReplyDelete
  2. Níor mharaigh, ach thug sé féin faoi deara nach raibh préacháin le cloisteáil in aon áit sa choill!

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.