Thursday, August 5, 2010

scriobh.ie

Tá suíomh úrnua ar an idirlíon, a chairde, ceann nach raibh mise ar an eolas faoi, ar chaoi ar bith, go dtí go bhfuair mé ríomhphost faoi inniu, ó Phádraig Mac Fhearghusa, eagarthóir Feasta.

Mar atá scríofa ar an suíomh,

'Is é atá sa suíomh seo ná cur cíos ar na háiseanna ríomhaireachta agus idirlín is fiúntaí a bhaineann le scríobh sa Ghaeilge atá ar eolas. Ní suíomh litríochta ná a leithéid sin atá i gceist, ach áit ina bhfuil cuntas ar na hacmhainní teicniúla agus eile atá ann a chuidíonn le scríobh na teanga, idir fhoclóirí, litreoirí, agus eile. Má tá tuarascáil, fógra, aiste, litir, ríomhphost, nó eile á scríobh agat, tá gach seans ann go bhféadfá leas a bhaint as an láithreán seo.'

Is togra le Dúrud Teoranta atá ann, le maoiniú faighte acu ó Fhoras na Gaeilge.

Beidh an suíomh, i mo thuairim, ina chuidiú iontach le scríbhneoirí na Gaeilge, go háirithe leo siúd nach raibh ar an eolas faoi na háiseanna ríomhaireachta agus idirlín sin roimhe seo.

Tá an t-eolas uilig le fáil anseo.
.

2 comments:

  1. Wow, is iontach an acmhainn í seo. GRMA, a Áine. Is aoibhinn liom an clóscríobhán Gaeilge. Ní fhaca mé a leithéid riamh. Agus an rogha "Shimplí" chun na leathanaigh a léamh le roinnt aistriúchán as Béarla in áit iad a haistriú go hiomlán as Béarla, nach smaoineamh an-mhaith é sin. Arís, ní fhaca mé a leithéid ar aon suíomh riamh.

    ReplyDelete
  2. Is fiú an dea-scéal a scaipeadh...:-)

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.