Monday, August 2, 2010

Leaideanna Luais

Táim ar ais i gConamara, i mo shuí anseo ag breathnú amach tríd an bhfuinneog ar áilleacht na háite, mar is minic liom.

Tá sé ag stealladh báistí i láthair na huaire. Tá carr imithe siar an bóthar anois díreach, agus é faoi shodar, shílfeá.

Bhí an carr ag dul chomh sciobtha sin, i bhfad thar an teorainn luais de 50 ciliméadar atá leagtha síos don bhóthar anseo i gCeantar na nOileán, gur dóigh liom nach mbeadh sé in ann stopadh ar an mbóthar fliuch, ná fiú ar bhóthar tirim, dá mbeadh air stop tobann a dhéanamh, mar shampla.

Go deimhin, ní hé sin an chéad uair a thug mé faoi deara luas contúirteach charranna éagsúla ar na bóithre anseo agus, chomh minic lena mhalairt, is leaid óg a bhíonn ag tiomáint. Is léir go bhfuiltear fós ann atá iomlán gaga agus roth stiúrtha ina nglac acu.

Níl a fhios agam an bhfuil aon leigheas ann ar fhadhb na leaideanna luais, ach tá a fhios agam an méid seo, níl luibh ná leigheas in aghaidh an bháis.
.

2 comments:

  1. Tá na Darwin Awards ann dóibh siúd a mharaíonn iad féin trína n-amaideacht féin. Ach ní dóigh liom go bhronntar iad ar dhaoine a mharaíonn daoine eile sa dóigh chéanna.

    ReplyDelete
  2. Is go rómhinic, faraor, a maraítear daoine eile seachas an tiománaí, a Dennis.

    Tá caochspota ar an mbóthar luaite agam thuas, mar shampla, agus ní bheadh an tiománaí in ann stopadh in am, dá mbeadh siúlóir ag dul trasna an bhóthair, abair, nó fiú ag siúl ar thaobh an bhóthair.

    Níl cosáin anseo, an dtuigeann tú, agus níl cosaint ar bith ag an té nach mbeadh sé ar a gcumas carr faoi luas a chloisteáil, ná a fheiceáil, in am.

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.