Thursday, July 8, 2010

Spraoithiomáint?

Fuair mé físeán greamaithe le ríomhphost ar maidin, ceann den teideal 'What Old People Do For Fun'.

Anois, a léitheoirí, níl a fhios agam an é go gceapann an té a chuir chugam an físeán go bhfuilimse sách sean lena aghaidh, nó an é go gceapann an té sin go ndéanfainn a leithéidí seo, mar ní dhéanfainn, ar chor ar bith, bíodh a fhios agaibh.

Seans, nach bhfuil sé ar chor ar bith IP, nó fiú de réir CP, an físeán seo a thaispeáint daoibh, ach chinn mé é a roinnt libh, mar sin féin, ó tharla gur bhain gáire na mná ag deireadh an fhíseáin scairt gháire asam féin, agus ní dochar gáire a roinnt, shílfeá.

Anois, leag uait an roth stiúrtha sin...
.

1 comment:

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.