Wednesday, June 16, 2010

PC?

Tharla sé gur tháinig mé ar an bhfíseán seo inniu.

Céard bhur mbarúil - an bhfuil sé de réir na dtuairimí ‘cearta' poiblí nó nach bhfuil?

An bhfuil sé greannmhar, nó an bhfuil sé maslach?

Agus, ó tharla mé ag labhairt ar an rud atá, nó nach bhfuil, ‘PC’, an bhfuil leagan níos giorra againn don abairt sin thuas ó focal.ie, anagram/giorrúchán as Gaeilge a d’fhéadfaí a úsáid in áit ‘PC’ ?
.

15 comments:

  1. This comment has been removed by the author.

    ReplyDelete
  2. Is sainmhíniú iomlán é siúd in ionaid friotail atá ag comhfhreagairt do nath nach bhfuil intuigthe i mBéarla mura bhfuil a fhios agat nach brí do "politically correct" go bhfuil fhios agat go bhfuil Brian Cowen ina Thaoiseach dá gcuirfí an cheist ort: cé hé am Taoiseach?

    ReplyDelete
  3. An-mhaith. Aoir mhaith atá ann.
    Maidir le 'politically correct'. Bíonn deacrachtaí i gcónaí coincheapanna iasachta a thabhairt isteach i dteanga nach bhfuil cleachtadh aici ar na coincheapanna céanna. Dá mbeinnse ag tagairt do 'chaint íogair', déarfainn rud inteacht cosúil le:
    "Ní raibh sin inráite aige" - .i. níor chóir dó rudaí mar sin a rá.

    ReplyDelete
  4. Dála an scéil, bhain mé triail as 'Bread and Butter' mar a mhol tú cúpla seachtain ó shin. Chuaigh mé féin is Suzanne ann ag am lóin. Caithfidh mé a rá, nach raibh mé iontach tógtha leis an bhia. Bhí an áit galánta, bhí na praghasanna réasúnta agus bhí an fhoireann deas, ach níor thaitin na ceapairí go mór linn.
    Drochlá acu seans, ach go raibh maith agat as an mholadh cibé ar bith!

    ReplyDelete
  5. Fuirseoir cumasach é Godfrey Danchimah! :-)

    Maidir leis an téarma atá faoi chaibidil agaibh, dhéanadh “críostúil / neamhchríostúil” an gnó tráth den saol. Nó an ndéanadh?

    ReplyDelete
  6. Ní dhéanadh. Agus níl mé cinnte faoi inráite ach oiread. Srianta cúnga aigne atá i gceist le PC: srianta a athraíonn de réir an foirceadal is déanaí, agus a chreideann gur féidir tuairimí a mhúnlú ach friotail a athrú.

    Inghlactha go Polaitiúil, seans? IP?

    ReplyDelete
  7. ceartaiseacht pholaitiúil a mholann an Coiste ar "political correctness"

    Tá dealramh leis sin. CP.

    ReplyDelete
  8. Creidim féin gur aoir atá san fhíseán, agus, aontaím leat, a Néidí, go bhfuil sé ‘iontach greannmhar’.

    Baineadh gáire, agus deora leis, asam ar feadh an fhíseáin ach, mar sin féin, chuir mé an cheist orm féin ‘an bhfuil sé seo PC?’. Deacair a rá na laethanta seo, agus d’airigh mé, ‘ar chóir dom bheith ag gáire?’

    Maidir le ‘inráite’, ‘níl sé sin ceart’ nó ‘ar/níor cheart é sin a rá’ a thiocfadh go nádúrtha chugam féin, a Phroinsias.

    Maidir le ‘Bread and Butter’, bhí sé díreach oscailte an lá a raibh mé féin ann, agus bhí an bia blasta, caithfidh mé a rá. Beidh mé ann arís, go bhfeice mé…

    Maidir leis an rud atá, nó nach bhfuil ‘críostúil’ a thuilleadh, a Dennis, b’fhéidir go bhfuil friotal a bhíodh, b’fhéidir, faoi thionchar na Críostaíochta tráth den saol, ag imeacht as an gcaint – féach an rud sin ar ar tugadh ‘féintruailliú’ i 1959 (deBhaldraithe), agus atá anois mar ‘glacaireacht aonair’ in focal.ie. Ar ndóigh, b’fhéidir nach bhfuil sé sin inráite, nó IP, ach an oiread!

    Is maith liom an t-anagram sin uait, a Aonghuis…;-)

    Is dócha é, a Ormondo…

    ReplyDelete
  9. Hmmm...IP nó CP, IP nó CP, IP nó CP?

    Is maith liom IP. Feictear dom go bhféadfadh an rud atá ' Inghlactha go Polaitiúil' bheith 'do-ghlactha' ag daoine eile, b'fhéidir?

    Mar sin féin, tá 'self-righteousness' san fhocal sin 'ceartaiseacht', agus diabhal locht air sin mar mhíniú, ach an oiread.

    CP nó IP, CP nó IP, CP nó IP...?

    ReplyDelete
  10. Is fearr liomsa ceartaiseacht a lua leis an rud seo: ní lia duine ná tuairim, ach séanann ceartaiseacht sin.

    CP, mar sin.

    ReplyDelete
  11. Ar ndóigh is aoir é agus thar a bheith greannmhar. Tabhair faoi deara, áfach, go gcaitear aoir agus greann a bheith bunaithe ar rud réalaíoch, rud gur fíor dó: eagla ban geala roimh fhir ghorma. Maidir leis an gclaonadh seo atá ag mórán Gaeilgeoirí leagan Gaeilge a bheith acu do achan rud Béarla, seachnaím féin a leithéid. DNA a deirim agus a scríobhaim, ní “Aigéad dí-ocsairibeanúicléasach” (nó AND ?). Mar an gcéanna le “GPS” agus “AIDS” agus “HIV”. Suimiúil gur ghlac m’eagarthóir féin leis an seasamh seo agus muid ag réiteach an leabhar is déanaí liom chun clóite.

    ReplyDelete
  12. Ach is fiú machnamh faoin leagan Gaeilge, uaireanta. Sa chás seo, feictear dom gur leagan bhreá neamh PC atá i "ceartaiseacht pholaitiúil"!

    ReplyDelete
  13. Tuigim leat, a SheáinO, agus ní athróinn féin na leaganacha luaite agat thuas, ceapaim, agus mé ag scríobh, dá mbeinn á scríobh go rialta, rud nach bhfuilim.

    Mar sin féin, ní hionann iad, i gcloigeann na mná seo, agus leaganacha Gaeilge d'fhocail atá in úsáid agam féin go coitianta, mar atá 'PC'. Ba mhaith liom leagan Gaeilge a úsáid, agus creidim féin go mbeadh 'IP' nó 'CP' so-aitheanta i gcomhrá coiteann, mar atá 'AIDS', 'GPS', agus 'HIV' anois.

    Ceist agam ort, a Aonghuis - Cén chaoi, agus tú ag baint úsáide as 'CP', an ndéarfá, as Gaeilge, 'That's not PC'? Nach mbeadh 'Níl sé sin IP' níos fearr/simplí/intuigthe?

    ReplyDelete
  14. Ceist mhaith.

    Is dócha é, ach d'fhéadfá "Níl sin de réir CP" a rá freisin.

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.