Thursday, July 1, 2010

Mo Theach, Do Theach

Scéal a fuair mé ar shuíomh ghréasáin Gaelport, ach scéal a chonaic mé ar dtús ar Nuacht 1, agus ar féidir tuilleadh eolais a fháil faoi ó Waddell Media anseo.

'Tá Waddell Media ag lorg iarratais ó Ghaeilgeoirí don tsraith nua Mo Theach, Do Theach, sraith de sé pháirt atá maoinithe ag an Chiste Craoltóireachta Gaeilge do TG4.

Má tá tú bréan de do shaol agus má theastaíonn briseadh beag uait nó fiú má tá fonn ort rud éigin nua a thriail ar feadh tréimhse bheag ama b’fhéidir go mbeadh spéis agat sa chlár nua atá á chur le chéile ag Waddell Media do TG4.

Is éard atá i gceist leis an gclár ná malairt tí ar feadh tréimhse ghearr agus go mbeidh malairt saoil ann chomh maith mar go mbeidh ar na rannpháirtithe taithí a fháil ar gach gné den saol an duine ar bhabhtáil siad leo.

Más lánúin, teaghlach, nó cairde ag lorg laethanta saoire Samhraidh eachtrúla éagsúla tú agus má tá suim agat, bí i dteagmháil le muireann@waddellmedia.com nó sara@waddellmedia.com nó téigh chuig an suíomh Gréasáin
.'

Saoire dheas do dhuine nó dhó agaibh, a léitheoirí, b'fhéidir...
.

2 comments:

  1. Seans go bhfuil an ceart agat, a Néidí, ach amháin go dtugann tú an 'wife' leat!

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.