Thursday, July 1, 2010

Scríbhneoireacht Scripte

Scéal eile a chonaic mé ar Gaelport a bhuí le Nuacht 1, ach a tháinig ón Irish Times ar dtús, feictear dom, ó alt le Pól Ó Muirí:

'Tá TG4, BBC Tuaisceart Éireann agus an Ciste Craoltóireachta Gaeilge i mBéal Feirste ar lorg scríbhneoirí Gaeilge atá ina gcónaí sa Tuaisceart le páirt a ghlacadh i scéim úrnua i scríbhneoireacht scripte don teilifís. Suas go seisear scríbhneoirí atá á lorg...

Is trí cheardlanna i mBéal Feirste thar tréimhse sé mhí a bheidh oiliúint le fáil ag na rannpháirtithe agus gheobhaidh siad “tacaíocht rialta agus aischothú” ó theagascóirí. Is é an comhlacht The Script Factory a bheidh i mbun an chúrsa, a dúirt sí, agus Alison Lumb agus Rob Ritchie mar phríomhtheagascóirí, beirt a raibh taithí mhór acu ag obair ar chláir don BBC agus ITV. Díreoidh an bheirt ar stuáil scéil, struchtúr, forbairt carachtar, dialóg, ton, luas agus riachtanais na gcraoltóirí.'

Tuilleadh eolais ón ILBF le fáil anseo.

Mo chuimhne, más mian leat do thacaíocht a thaispeáint do Chiste Craoltóireachta na Gaeilge, is féidir leat d'ainm a chur leis an achainí seo ó Choncubar Ó Liatháin.
.

No comments:

Post a Comment

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.