Friday, July 23, 2010

I gCuideachta Cairde

An tseachtain seo caite, cuireadh i gcuimhne dom, arís eile, gur féidir pleananna a dhéanamh, ach nach fúinn féin atá sé, shílfeá, an dtiocfaidh na pleananna sin chun críche nó nach dtiocfaidh.

Bhí sé i gceist agam trí lá a chaitheamh i mBaile Átha Cliath ag fámaireacht, agus ar m’fhilleadh dom, bhí sé i gceist agam an deireadh seachtaine a chaitheamh i gCeann Scríbe, i gcuideachta mo neachtanna. Ní mar sin a tharla.

Ar an Satharn, bhí mé sa reilig in Eanach Mheáin ag fágáil slán le Bríd Bn. Uí Chonghaile, bean a chaith 87 bliain ar an saol seo. Ar an Luan, bhí mé ar ais arís sa reilig chéanna, ag fágáil slán le Nuala Nic Con Iomaire, bean nach raibh i ndán di ach níos lú ná leath an méid sin ama a chaitheamh anseo linn.

Cé nach raibh aon ghaol agam leo, thaitin an bheirt bhan sin go mór liom. Ba mhaith liom tuilleadh a scríobh fúthu, ach ní anois díreach. Ba mhaith liom am a chaitheamh le mo chuimhní cinn go fóill.

Táim ar ais i nGaillimh arís inniu, ach is sa chathair atáim an geábh seo, le trí lá a chaitheamh i gcuideachta beirt bhan eile, mná a casadh orm os cionn scór bliain ó shin, nuair a thosaigh ár bpáistí ag freastal ar an naíonra céanna.

Chaitheamar cuid den lá inniu ag siúl ar an bpromanád ar Bhóthar na Trá. Bhí an lá go hálainn, bhí an ghrian go hálainn, bhí an fharraige go hálainn. Shuíomar seal ansin, i gciúnas agus i suaimhneas an chairdis, an triúr againn ag breathnú ar áilleacht an domhain os ár gcomhair.

Is ar Bhríd agus ar Nuala a bhí mo chuimhneamh nuair a chonaic mé an áilleacht sin.
.

2 comments:

  1. Bhíos ar choiste an Bhéal Binn i mBré nuair a bhí Nuala fostaithe againn. Bean éirimiúil, uasal, ar sciob an rógaire Báis ró luath uainn agus óna gclann. Chuaigh arraing tríd mo chroí nuair a chuala scéala a báis.

    Leaba i measc naomh na nGael go raibh aici.

    ReplyDelete
  2. Bean álainn, gan dabht, a chara...

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.