Monday, July 26, 2010

Gan Aird Gan Aire

Ó tharla mé as baile le seachtain anuas, níor éirigh liom freastal ar fheis cheoil Bhun Cranncha, ach tá súil agam go raibh time breá acu siúd a d’fhreastail uirthi.

Mar is eol daoibh, bhí Inis Eoghain faoi bhrón millteanach le déanaí. Níl a fhios agam ar chuidigh an fheis cheoil le hardú meanman de shaghas a thabhairt do phobail na háite ach, cibé scéal é, bhí trácht go leor timpeall an bhaile, dar le fear an tí seo.

Tharla sé go raibh an fear céanna i dtranglam tráchta i mBun Cranncha an tseachtain seo, ceann de laethanta na féile. Sa lána taobh leis, bhí carr le cúigear leaids óga ann. Ní raibh crios sábhála ar an oiread is duine amháin acu.

Tell me, lads…’ arsa an Garraíodóir leo, ‘...why aren’t any of you wearing a seat belt?’

Tháinig freagra ó dhuine acu, rud éigin fearacht ‘what’s it to you’, abair, agus thiomáin siad leo.

Mar a tharla sé, bhí an Garraíodóir i gcarrchlós ní ba dhéanaí sa lá, agus chonaic sé ceathrar den chúigear i gcarr eile. Bhí crios sábhála ar an tiománaí an geábh seo, cé nach raibh ar an triúr eile.

I took your advice.’ a scairt an tiománaí ar an nGarraíodóir.

Good man…’ arsa an Garraíodóir, ‘…and what about the rest of you?’ a d’fhiafraigh sé den triúr eile, é ag meabhrú dóibh gur bhásaigh seachtar ógánach le déanaí i ndrochthimpiste.

The way I see it…’ a d’fhreagair duine de na hógánaigh, ‘…they’re up there, and we’re down here, so who’s better off?’

Sea, a léitheoirí. GAGA.
.

6 comments:

  1. Is duine óg a dúirt “live fast and leave a beautiful corpse”, ar ndóigh, cé nach dtéann an dá rud le chéile de ghnáth, go háirithe más carr ar luas atá i gceist. An ionann an bravado sin agus an creideamh go bhfuiltear doscriosta?

    ReplyDelete
  2. @ 'An ionann an bravado sin agus an creideamh go bhfuiltear doscriosta?'

    Níl a fhios agam, a Dennis, ach is léir nach bhfuil teachtaireacht na bhfeachtas faoi shábháilteacht ar bhóithre ag dul i bhfeidhm ar na leaids óga anseo.

    ReplyDelete
  3. Duairceas a léigh mise as, ní bravado.

    Ní rachaidh feachtas sábháil beatha i bhfeidhm ar dhaoine a fheiceann nach fiú a beatha a shábháil.

    ReplyDelete
  4. @ '...a fheiceann nach fiú a beatha a shábháil.'

    Is cosúil gur mar sin atá an scéal, a Aonghuis.

    ReplyDelete
  5. Sin an fíor cúis sceon, dar liom.

    Cad atá ag tarlú d'ár pobail?

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.