Monday, June 14, 2010

Sa Phuiteach

Tá Enda faoi bhrú ina chúinne féin de chlós na scoile. Tá Brian ina shuí go seascair i gcúinne an rachmais, é breá sásta, shílfeá, go bhfuil sé ina raic i gcúinne Enda.

Tá Éamonn ag fanacht socair ina chúinne féin, é ciúin, chan ciontach, d'fhéadfeá a rá; taobhaitheoirí na heite clé ina theannta, iad uilig ag coinneáil súil ghéar ar an ngnáthmhuintir sa cheathrú cúinne, ar fhaitíos aon fhocail shéimhe de dhíth ar an bpobal ann, an dtuigeann sibh.

Tá an pobal sa cheathrú cúinne ag breathnú go hamhrasach i dtreo na dtrí chúinne eile, an chuma orthu go bhfuil siad tinn tuirseach den raic agus den challán cainte débhríche, gan uatha ach bealach éalaithe a fháil amach as puiteach na páirce.
.

10 comments:

  1. Díol nuachtáin atá ar siúl anseo, seachas aon substaint.

    Níl olltoghchán chun a bheith ann go dtí go mbíonn téarma reatha an rialtais thart. Má fhaigheann Fine Gael réidh le hEnda, dóibh féin is measa.

    Meas tú an bhfuil iar chomrádaithe sticky Éamoinn fós gníomhach in RTÉ?

    ReplyDelete
  2. D'éist mé le podchraoladh Marian Finucane ar maidin. An t-aon chlár raidió ina gcuirtear ceisteanna deacra soiléire ar pholaiteoirí is a bhfaightear freagraí uathu, dar liomsa.

    ReplyDelete
  3. Níl Éanna faoi bhrú a thuilleadh!

    ReplyDelete
  4. Chonaic mé é sin, a Dhubhaltaigh!

    Aontaím leat, a John. Is ar éigin a bhí Martin Mansergh in ann í a fhreagairt ar an gclár inné, ach choinnigh sí ag dul...

    Eoghan, an ea, a Aonghuis?

    ReplyDelete
  5. Ní dóigh liom go bhfuil an comrádaí úd sách lárnach le tionchar a bheith aige; ach is féidir go bhfuil breall orm.

    Agus sílim nach bhfuil oíche na sceana fada thart i Fine Gael fós ach oiread.

    ReplyDelete
  6. B'fhéidir gur mise atá beagán leamh anocht, a Aonghuis!

    M'anam, ach tá cath ag dul ar aghaidh fós, cheapfainn, ceart go leor...

    ReplyDelete
  7. Hmmm a Áine, nach síleann tú gurb iad cúinní an rachmais freisin ina bhfuil An Giolla Mór agus Éanna lonnaithe?

    Trí mhic tíre i gceannas an tréada, gan aoire chun saoirse a bhronnadh ó théada.

    ReplyDelete
  8. Nach saghas buan-slánaitheora ar-an-gclaí Risteárd B.? An bhfuil aon Ghaelainn aige?

    ReplyDelete
  9. Ní dóigh liom, a Choc, go bhfuil aon duine acu bocht!

    Níor chuala mise 'aon Ghaelainn' uaidh riamh, a Ormondo.

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.