Sunday, June 13, 2010

Réamhordú?

Seans ar bith a fhaighim, caithim am ag labhairt le seandaoine.

Mo chuimhne, níl dúil agam san fhocal sin ‘seandaoine’. B’fhearr liom, mura miste libh, a léitheoirí, rud éigin fearacht ‘bean shaolach’ a úsáid. Feictear dom gur deise i bhfad an léargas a thugann an focal ‘ saolach’ dúinn ar an té le heolas a dtaithí ar an saol acu le roinnt linn.

Cibé scéal é, bhí mé ag caint le bean le déanaí, bean le ceithre scór bliain, ar a laghad, caite aicí ar an saol seo. Tharla sé gur luaigh mé léi gur thug mé faoi deara go raibh, timpeall na háite seo ar aon nós, go leor buachaillí á mbreith na laethanta seo, seachas leanaí baineanna, an dtuigeann sibh.

‘Must be a war coming,’ arsa mo chara saolach.

Láithreach bonn, ghéaraigh mo chluasa a n-éisteacht, agus d’fhiafraigh mé, ‘Why do you say that?’

‘More boys than girls are born before a war…’ arsa sí, ‘…to replace the boys that are lost during the war.’

‘You think that Nature knows about wars in advance?’ a d’fhiafraigh mé féin.

‘Well, our Lord probably does.’ a d’fhreagair sí.

Agus, sin agaibh é arís, a léitheoirí. Níl a fhios aici cén bunús atá leis an scéal, ná cé chomh fíor is atá sé, ach amháin gur chuala sí é ráite go minic agus í ag fás aníos.

Seo altdhótrí daoibh, agus fágfaidh mé fúibh féin é céard a chreideann sibh - an míthuairim, míthuiscint nó míthuar a chuala mé ó mo chara saolach?
.

9 comments:

  1. Cad déarfá leis an focal seanóir? (as ar eascair seanadóir lá den tsaoil, sular náiríodh an teideal uasal sin!)

    Is spéisiúil a tuairim, pé scéal é. Ach sna cogaí anois, níl aon chosaint ann do mhná ach oiread.

    ReplyDelete
  2. Cé gur focal deas é 'seanóir', a Aonghuis, creidim gurb é an chuid 'sean' sin den fhocal a bhí mé ag iarraidh a sheachaint.

    Níl aois i gceist le 'aos', agus airím 'taithí' seachas 'aois' san fhocal 'saolach'.

    @ 'níl aon chosaint ann do mhná ach oiread' - faraor géar, ach nach maith atá a fhios agam é sin, a chara.

    ReplyDelete
  3. Cnuasfhocal is ea aos, domhsa.

    Sin an toisc gur mhol mé seanóir.

    Táim amhrasach faoi athrú focail ar mhaithe le dímheas a sheachaint. Mura chothaítear an meas, is cuma faoin athrú focail. (Féach cás an lucht siúl in Éirinn, a bhfuil an ainm Béarla athraithe trí nó ceithre uaire le mo linnse; ach doicheall follasach rompu fós forleathan)

    ReplyDelete
  4. Ní ar mhaithe le dímheas a sheachaint a bhí uaim m'fhocail féin a fháil, a Aonghuis. Tá go leor 'pc'áil' ann na laethanta seo, cnuasfhocail go rialta á athrú ar an mbonn sin, ach ní hé sin m'aidhm sa chás seo.

    Agus tá an ceart iomlán agat maidir le 'aos', go raibh maith agat -is cnuasfhocal é, agus ní fheileann sé. Tá sé athraithe agam anois.

    ReplyDelete
  5. Saolach, scéalach.

    Is maith liom é! Gura fada buan d'fhoinsí saolacha!

    ReplyDelete
  6. Agus is maith liom 'saolach scéalach' - maith thú!

    Mo chuimhne, bhain mé úsáid as an bhfocal 'pléascórn' le mo chuairteoirí óga an tseachtain seo caite, agus thuig siad é ar an bpointe boise!

    ReplyDelete
  7. An tuiscint atá agamsa ar a scéal ná nach mbíonn go leor le déanamh acu nuair a bhíonn an iomarca buachaillí ann gan chailíní, agus sin an fáth go dtosaíonn a lán cogaí.
    Beidh (agus tá cheana) i bhfad níos mó buachaillí sa tSín ná cailíní, mar gheall ar a bpolasaí uafásach 'leanbh amháin' agus cuireann sin imní orm. Cad a déarfá faoi Taiwan?

    ReplyDelete
  8. Áit ar bith ina bhfuil 'son preference' nó 'female deselection' i bhfeidhm, a Shéamais, is dóigh liom go mbeidh fadhbanna ollmhóra acu amach anseo.

    ReplyDelete
  9. Tá an comhghleacaí Síneach a bhí agam cinnte nach bhfuil ann ach ceist ama go mbeidh cogadh i Taiwan. Tá rún aige fanacht abhus go dtí go mbíonn sé thart.

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.